Dáil debates

Tuesday, 26 April 2005

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas don Leas-Cheann Comhairle as deis a thabhairt dom ant-ábhar seo a thógáil sa Dáil arís. Ní seo an chéad nó an dara huair le roinnt míosa anuas a phlé muid an t-ábhar seo.

Le hocht mí anois tá ceisteanna fá cad é a bhí i ndán don mhonarcha seo i gCroichshlí. Is dócha go bhfuair muid an freagra inné nuair a d'fhógair an bainisteoir go bhfuil an mhonarcha le dúnadh. Na hoibrithe atá as obair nó ar fhionraí le hocht mí, ní bheidh fostaíochta ar bith dóibh, ní bheidh siad ag dul ar ais. Tá an bainistíocht ag cur deiridh go cinnte le táirgeadh sa mhonarcha seo.

Deireadh réé deireadh le fostaíocht sa mhonarcha seo. Tógadh an mhonarcha breis agus 100 bliain ó shin. Bord na gCeantar Cúng a thóg í, monarcha bhreá déanta de chloch gearrtha agus atá mar mharc ansin do dhuine ar bith a thugann cuairt ar an pháirt sin de Ghaeltacht Dhún na nGall. Is fíor a rá go bhfuil bunadh na háite, fir agus mná, ag obair ansin i dtionscal amháin nó i dtionscal eile i rith an ama sin. Thosaigh siad ar dtús ag deireadh na 19ú haoise ag déanamh earraí agus éadaigh. Ina dhiaidh sin bhain siad clú agus cáil le bábógaí Chroichshlí a raibh iomrá orthu ar fud an domhain agus gur mhaith le gach cailín a fháil mar bhronntanas. Girseach ar bith nach bhfuair, bhraith sí go raibh sí easnamhach.

Tháinig Novotem isteach 25 bliain ó shin le tionscal nua-aimseartha, trasfhoirmitheoirí, Bhí fir agus mná ag obair ansin, breis agus 100 duine. Tháinig sin anuas go dtí 43 agus leis an fhógra a rinneadh inné, ní bheidh éinne ansin ón mhí seo chugainn amach. Buille sin don cheantar, buille mór do na daoine nach mbeidh ag dul ar ais ag obair.

Níor chuir mise riamh fáilte roimh ráiteas nach mbeidh daoine ag dul ar ais ag obair ach sa chás seo bhí siad i bpurgadóir go dtí seo, na daoine nach raibh ag obair agus nach raibh a fhios acu cad é bhí ag dul a tharlú nó an raibh an tionscal ag teacht ar ais. Dúirt an tAire sa Dáil liom go mb'fhéidir go dtarlódh rud éigin san earrach ach tharla go bhfuil an mhonarcha ag druidim. Ar a laghad, tá a fhios ag na hoibrithe anois nach mbeidh fostaíocht ansin dóibh agus go gcaithfidh siad pleananna eile a dhéanamh le malairt fostaíochta a fháil. Tá bord úr ceaptha d'Údarás na Gaeltachta anois, agus tá na baill ag teacht le chéile ag deireadh na seachtaine seo den chéad uair. Tá ceathrar as ár gcontae féin ar an bhord sin agus cathaoirleach. Ba mhaith liom comghairdeas a dhéanamh leis an chathaoirleach, atá tofa agus a rinne jab breá chomh fada agus a bhí sé ansin. Tá lúcháir orm go bhfuil an tAire ag tabhairt tréimhse eile dó. Beidh mé ag súil go dtiocfaidh siad uilig le chéile, chomh maith le comhaltaí an bhoird as ceantair eile agus go ndíreoidh siad isteach ar fhostaíocht agus obair de chineál éigin a chur ar fáil do na daoine seo atá as obair anois, ar máithreacha agus aithreacha iad. Níl aon teacht isteach acu ach liúntais fhostaíochta. Tá a gcuid teaghlach ar shiúl ar choláistí agus institiúidí tríú leibhéil, agus tá costais mhorgáiste agus mar sin orthu. Caithfidh muid tús áite a thabhairt do thionscal éigin a mhealladh isteach chun obair agus fostaíocht a chur ar fáil dóibh sin.

Chomh maith leis sin, tá na daoine seo atá fágtha le hocht nó naoi mí— trí ráithe ar an laghad — nuair a bheas na téarmaí iomarcaíochta á bplé. Tá a fhios againn uilig go bhfuair siad an méid atá dlite dóibh ó thaobh na reachtaíochta de, ach tá súil agam go mbeidh an tionscal agus an bhainistíocht fial, fiúntach agus flaithiúil do na daoine sin, a thug seirbhís chomh fada sin sa mhonarcha agus go mbeidh siad ábalta bonus a thabhairt dóibh le cois an mhéid atá dlite dóibh go reachtúil. Tá a fhios agam go bhfuil a fhios ag an Aire faoin mhonarchan seo mar gur phléigh muid chomh minic sin sa Dáil í, agus ba cheart dóúsáid a bhaint as gach deis atá aige chun cur ina luí orthu bheith fial, fairsing, flaithiúil agus fiúntach leis na daoine seo. Bhí mé ag éisteacht leo ar an raidió inné. B'fhéidir go raibh an tAire féin ag éisteacht leo; is cinnte go mbainfeadh sé deoir as cloch bheith ag éisteacht leis na daoine sin ag caint. Caithfear infheistíocht a chur ar fáil leis an fhoirgneamh breá seo a chur in oiriúint do thionscal nua-aimseartha le go mbeidh dream eile istigh ag obair ansin roimh dheireadh na bliana seo. Máéiríonn leis an Aire agus an leis an Údarás é sin a dhéanamh, beimid uilig thar a bheith sásta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta as ucht na ceiste seo a ardú anocht. Mar a dúirt sé féin, ar bhealach amháin, is scéal thar a bheith brónach é seo, agus tá trua agam do na hoibrithe atá tar éis a gcuid post a chailliúint. Nuair a bhí mé i dTír Chonaill in earrach na bliana seo, chas toscaireacht ón mhonarcha liom. D'iarr siad orm cinntiú go gcuirfí deireadh leis an scéal seo ar bhealach amháin nó bealach eile, mar bhíodar gan obair le tamall fada. Ag an am céanna, ní raibh siad in ann dul ar aghaidh leis an gcuid eile dá saol, mar ní raibh a fhios acu an rabhadar ag dul a theacht ar ais nó an rabhadar ag imeacht. Sa mhéid sin, sílim féin ar a laghad go bhfuil scéal soiléir ann anois. Níor chuir mé ariamh fáilte roimh dhúnadh monarchan ar bith, ach is fearr go bhfuil a fhios againne anois nach bhfuil sí ag dul a oscailt. Níor mhaith leis na hoibritheoirí fanacht ní b'fhaide leis an scéal seo. Sin an rud a d'iarr siad orm ag an am. Mhínigh mé dóibh gur bheag an méid a d'fhéadfaidís a dhéanamh faoi sin. Má bhí dóchas acu sa mhonarcha go bhfaighidís poist eile, chaithfí an deis sin a thabhairt dóibh.

D'fhógair Nuvotem Teoranta ar an Aoine seo caite, 22 Aibreán 2005, go bhfuil an comhlacht chun deireadh a chur go hoifigiúil leis an ngné táirgthe dá ghníomhaíochtaí i gCroichshlí, Contae Dhún na nGall. Mar a dúirt an Teachta, is foirgneamh an-álainn é. Ciallaíonn sé seo go mbeidh na hoibrithe táirgthe, a leagadh as a gcuid oibre ar bhonn sealadach san Fhómhar seo caite, á scaoileadh in iomlán ón gcomhlacht le héifeacht ó 23 Bealtaine 2005.

De réir ráitis a d'eisigh an comhlacht, theip ar Nuvotem an gnó nua a bhí ag teastáil a ghineadh. Beidh roinnt gníomhaíochtaí díolacháin, innealtóireachta agus riaracháin an chomhlachta ag leanúint ar aghaidh i gCroichshlí agus an chuid sin den fhoireann á gcoinneáil ina bpoist — tuigtear dom gur idir 12 agus 15 post atá i gceist anseo.

Tá Nuvotem Teoranta i mbun déantúsaíochta i gCroichshlí 1979 agus é ag táirgeadh transfhoirmitheoirí don earnáil teileachumarsáide agus leictreonaice.

Tá Nuvotem, maraon le dhá chomhlacht eile — ceann i bPoblacht na Seice agus ceann eile san Ind — agus oifig dhíolacháin sa Ghearmáin, mar chuid den ghrúpa idirnáisiúnta Talema. Is fochuideachta 100% de chuid Nuvotem é an comhlacht i bPoblacht na Seice, agus tá mionscairshealbhaíocht, 1%, ag Nuvotem san Ind. Tá an gnó sa tSeic agus san Ind á bhainistiú ag Nuvotem agus, anois, tá gníomhaíochtaí táirgthe an chomhlachta á n-aistriú chuig na tíortha ísealchostais sin.

Caithfear a aithint gur chuir Nuvotem fostaíocht mhaith ar fáil i nGaeltacht Dhún na nGall, i gceantar Ghaoth Dobhair agus na Rosa, ó 1979 go dtí le gairid. Bhí leibhéal fostaíochta os cionn 70 i gceist ar feadh scór bliain agus buaicphointe 114 post i lár na 1990í.

D'íoc Údarás na Gaeltachta €1.531 milliún i ndeontais leis an gcuideachta thar an thréimhse 1979 go dtí 1995, agus níor íocadh aon deontas ó shin. Rinne an túdarás infheistíocht €780,889 i scaireanna tosaíochta sa chuideachta freisin. Caithfidh mé a threisiú gur scaireanna tosaíochta iad seo gan aon cheart vótála, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon chearta ag an Údarás ó thaobh bhainistiú nó riaradh na cuideachta ó lá go lá. Is ag gnáthscairshealbhóirí na cuideachta amháin atá na cearta sin. Rinneadh an infheistíocht dheireanach i scaireanna tosaíochta sa chomhlacht i 1998. Ag breathnú ar an bhfostaíocht mhaith a cuireadh ar fáil thar na blianta, is léir go bhfuarthas luach maith ar infheistíocht an Stáit sa chomhlacht seo.

Tá coimhlint ghéar in earnáil na déantúsaíochta le roinnt blianta anuas, agus tá poist á gcailliúint ar fud na tíre seo dá réir, na ceantair Ghaeltachta san áireamh. Ní féidir a shéanadh go bhfuil an chuideachta ag feidhmiú in earnáil atá thar a bheith leochaileach sa tír seo i láthair na huaire mar gheall ar an gcoimhlint ghéar ó tháirgeoirí atá ag feidhmiú i dtíortha le costais táirgthe i bhfad níos ísle. Ní amháin go bhfuil an margadh dá tháirge ag laghdú le roinnt blianta anuas, ach, comhthreomhar leis sin, tá an brabús féin ag laghdú.

Ba mhaith liom bogadh ar aghaidh anois go dtí staid na fostaíochta sa cheantar i gcoitinne. Tá Croichshlí, an ceantar ina bhfuil Nuvotem lonnaithe, i gcomharsanacht Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus, mar is eol dúinn uile, fuair an ceantar sin buillí troma ó thaobh fostaíochta de le roinnt blianta anuas. Mar thoradh ar an drochstair seo, tá tréan­iarrachtaí ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht nua a chruthú sa cheantar sin agus chun dul i ngleic leis na riachtanais ó thaobh oiliúna, oideachais agus buneagar de a chabhróidh leis na spriocanna fostaíochta a bhaint amach.

Ag eascairt as obair an ghrúpa oibre ar chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht sa bhliain 2002, sheol an túdarás plean gníomhaíochta le dul i ngleic leis an ngéarchéim fostaíochta i gceantar Ghaoth Dobhair. Mar thoradh ar an bplean seo, gineadh 439 post nua — 369 lán-aimseartha agus 70 páirt-aimseartha — ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i meascán d'earnálacha idir sheirbhísí nua-aimseartha agus dhéantúsaíocht ghinearálta. D'éirigh leis an Údarás ceann de phríomhspriocanna an phlean gníomhaíochta a bhaint amach, sin é, 400 post nua a chruthú don chéad dá bhliain ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá breis agus 830 duine fostaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i láthair na huaire, agus caithfear a aithint gur athbheochan iontach é seo ar pháirc ghnó a bhí in ísle brí timpeall dhá bhliain ó shin.

Tá an túdarás ag leanúint ar aghaidh leis an dúshlán tuilleadh fostaíochta a chur ar bun. Ta comhlachtaí i nGaoth Dobhair ag earcú foirne san am i láthair, agus tá comhráití ar siúl ag an údarás le dhá chomhlacht ar leith eile a bhfuil suim acu lonnú i gceantar Ghaoth Dobhair. Táthar ag súil go dtabharfar na cainteanna seo chun críche gan mhoill agus go gcruthófar breis agus 60 post nua eile do cheantar Ghaoth Dobhair dá réir. Tá iarrachtaí eile i gcur chun cinn na fiontraíochta ar siúl ag an údarás freisin, mar shampla, tús a chur le togáil ionad nua fiontraíochta do cheantar Dhobhair atá i gcóngaracht dhá mhíle de Croichshlí. Comhthreomhar leis an ngá chun fostaíocht a chruthú, aithníonn an túdarás an gá le tacaíocht bhreise a chur ar fáil do phobal na háite chun scileanna nua a fhoghlaim. Dá réir sin, cuireann an túdarás, i gcuideachta leis na heagrais stáit, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, FÁS, TG4 agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, agus comhlachtaí Gaeltachta mar Telegael agus Cúl an Tí, deiseanna oiliúna agus oideachais ar fáil i gcomharsanacht Ghaoth Dobhair. Sa tréimhse 2004-05, mar shampla, chláraigh 179 duine ar naoi gcúrsa atá ag plé le hábhair éagsúla cosúil le teilesheirbhísí, athscríbneoireacht, scriptscríbhneoireacht, léiriúcháin teilifíse, sealbhú teanga, cúram leanaí, teicneoireacht ríomhairí agus cúram aosaithe.

Tuigim go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ó thaobh buneagair sa cheantar chomh maith. Rinneadh tuilleadh forbartha agus feabhsúcháin i 2004 ar bhuneagar teileachumarsáide an pháirc ghnó nuair a cuireadh seirbhís leathanbhanda, i bhfoirm córais ADSL agus nód lP, ar fáil do chomhlachtaí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Cheadaigh An Ciste Idirnáisiúnta d'Éirinn €354,000 d'ionad nuálaíochta ar an bpáirc ghnó agus cheadaigh clár INTERREG III, €270,00 do chlár aistrithe teicneolaíochta trasteorainn. Tá an mhórchuid d'iarmhonarcha SMTC athchóirithe agus tionóntaí mar Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Teagmháil Cheilteach Teo. lonnaithe ann agus tá an réamhobair tosaithe ar athchóiriú iarmhonarcha eile ar an bpáirc ghnó seo.

Mar achoimre, ag cur san áireamh na céimeanna uile seo; rath an phleana ghníomhaíochta, tograí fiontraíochta, cúrsaí oiliúna, deiseanna oideachais agus feabhsú buneagair, tá mise dóchasach go leanfar leis an mbeart fostaíocht fhiúntach ar ardchaighdeán a bhaint amach do cheantar Ghaoth Dobhair.