Dáil debates

Tuesday, 26 April 2005

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Gabhaim buíochas don Leas-Cheann Comhairle as deis a thabhairt dom ant-ábhar seo a thógáil sa Dáil arís. Ní seo an chéad nó an dara huair le roinnt míosa anuas a phlé muid an t-ábhar seo.

Le hocht mí anois tá ceisteanna fá cad é a bhí i ndán don mhonarcha seo i gCroichshlí. Is dócha go bhfuair muid an freagra inné nuair a d'fhógair an bainisteoir go bhfuil an mhonarcha le dúnadh. Na hoibrithe atá as obair nó ar fhionraí le hocht mí, ní bheidh fostaíochta ar bith dóibh, ní bheidh siad ag dul ar ais. Tá an bainistíocht ag cur deiridh go cinnte le táirgeadh sa mhonarcha seo.

Deireadh réé deireadh le fostaíocht sa mhonarcha seo. Tógadh an mhonarcha breis agus 100 bliain ó shin. Bord na gCeantar Cúng a thóg í, monarcha bhreá déanta de chloch gearrtha agus atá mar mharc ansin do dhuine ar bith a thugann cuairt ar an pháirt sin de Ghaeltacht Dhún na nGall. Is fíor a rá go bhfuil bunadh na háite, fir agus mná, ag obair ansin i dtionscal amháin nó i dtionscal eile i rith an ama sin. Thosaigh siad ar dtús ag deireadh na 19ú haoise ag déanamh earraí agus éadaigh. Ina dhiaidh sin bhain siad clú agus cáil le bábógaí Chroichshlí a raibh iomrá orthu ar fud an domhain agus gur mhaith le gach cailín a fháil mar bhronntanas. Girseach ar bith nach bhfuair, bhraith sí go raibh sí easnamhach.

Tháinig Novotem isteach 25 bliain ó shin le tionscal nua-aimseartha, trasfhoirmitheoirí, Bhí fir agus mná ag obair ansin, breis agus 100 duine. Tháinig sin anuas go dtí 43 agus leis an fhógra a rinneadh inné, ní bheidh éinne ansin ón mhí seo chugainn amach. Buille sin don cheantar, buille mór do na daoine nach mbeidh ag dul ar ais ag obair.

Níor chuir mise riamh fáilte roimh ráiteas nach mbeidh daoine ag dul ar ais ag obair ach sa chás seo bhí siad i bpurgadóir go dtí seo, na daoine nach raibh ag obair agus nach raibh a fhios acu cad é bhí ag dul a tharlú nó an raibh an tionscal ag teacht ar ais. Dúirt an tAire sa Dáil liom go mb'fhéidir go dtarlódh rud éigin san earrach ach tharla go bhfuil an mhonarcha ag druidim. Ar a laghad, tá a fhios ag na hoibrithe anois nach mbeidh fostaíocht ansin dóibh agus go gcaithfidh siad pleananna eile a dhéanamh le malairt fostaíochta a fháil. Tá bord úr ceaptha d'Údarás na Gaeltachta anois, agus tá na baill ag teacht le chéile ag deireadh na seachtaine seo den chéad uair. Tá ceathrar as ár gcontae féin ar an bhord sin agus cathaoirleach. Ba mhaith liom comghairdeas a dhéanamh leis an chathaoirleach, atá tofa agus a rinne jab breá chomh fada agus a bhí sé ansin. Tá lúcháir orm go bhfuil an tAire ag tabhairt tréimhse eile dó. Beidh mé ag súil go dtiocfaidh siad uilig le chéile, chomh maith le comhaltaí an bhoird as ceantair eile agus go ndíreoidh siad isteach ar fhostaíocht agus obair de chineál éigin a chur ar fáil do na daoine seo atá as obair anois, ar máithreacha agus aithreacha iad. Níl aon teacht isteach acu ach liúntais fhostaíochta. Tá a gcuid teaghlach ar shiúl ar choláistí agus institiúidí tríú leibhéil, agus tá costais mhorgáiste agus mar sin orthu. Caithfidh muid tús áite a thabhairt do thionscal éigin a mhealladh isteach chun obair agus fostaíocht a chur ar fáil dóibh sin.

Chomh maith leis sin, tá na daoine seo atá fágtha le hocht nó naoi mí— trí ráithe ar an laghad — nuair a bheas na téarmaí iomarcaíochta á bplé. Tá a fhios againn uilig go bhfuair siad an méid atá dlite dóibh ó thaobh na reachtaíochta de, ach tá súil agam go mbeidh an tionscal agus an bhainistíocht fial, fiúntach agus flaithiúil do na daoine sin, a thug seirbhís chomh fada sin sa mhonarcha agus go mbeidh siad ábalta bonus a thabhairt dóibh le cois an mhéid atá dlite dóibh go reachtúil. Tá a fhios agam go bhfuil a fhios ag an Aire faoin mhonarchan seo mar gur phléigh muid chomh minic sin sa Dáil í, agus ba cheart dóúsáid a bhaint as gach deis atá aige chun cur ina luí orthu bheith fial, fairsing, flaithiúil agus fiúntach leis na daoine seo. Bhí mé ag éisteacht leo ar an raidió inné. B'fhéidir go raibh an tAire féin ag éisteacht leo; is cinnte go mbainfeadh sé deoir as cloch bheith ag éisteacht leis na daoine sin ag caint. Caithfear infheistíocht a chur ar fáil leis an fhoirgneamh breá seo a chur in oiriúint do thionscal nua-aimseartha le go mbeidh dream eile istigh ag obair ansin roimh dheireadh na bliana seo. Máéiríonn leis an Aire agus an leis an Údarás é sin a dhéanamh, beimid uilig thar a bheith sásta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.