Dáil debates
Thursday, 10 July 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Forbairt na Gaeilge
4:05 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Gabhaim buíochas leis an Teachta agus tréaslaím go mór leis an obair atá ar siúl i gCill Dara faoi láthair agus le blianta anuas. Tá mé buíoch dó, dá athair agus don ghrúpa atá ag obair leo, as an obair sin. Mar is eol dó, bunaíodh Cill Dara le Gaeilge i 2014 agus tá mo Roinn ag cur maoiniú ar fáil ó 2021 chun oifigeach fheidhmiúchán a fhostú agus chun na costais a bhaineann le plean oibre an duine sin a chlúdach. I measc na ndualgas atá ar an oifigeach sin, tá comhoibriú le gnólachtaí i gContae Chill Dara chun iad a spreagadh le breis a úsáid ina ngnólachtaí. Tá fostaí lánaimseartha eile ag an eagraíocht freisin atá á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Ó mo Roinn, i 2025, tá níos mó ná €90,000 ceadaithe do Chill Dara le Gaeilge. Mar sin, táimid dáiríre faoin obair atá ar siúl i gCill Dara agus seasann an Roinn go mór leis an obair sin. Níl aon dáta don chéad bhabhta eile maoinithe. Braitheann sé sin ar chúrsaí cáinaisnéise. Ós rud é go bhfuil obair iontach ar siúl, áfach, táimid sásta seasamh leis sin agus airgead a chaitheamh ar an obair sin i gCill Dara.
No comments