Dáil debates

Thursday, 10 July 2025

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Forbairt na Gaeilge

4:05 am

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis an Aire. Mar atá ráite aige cheana féin, tá trí cinn de na líonraí seo in Éireann faoi láthair: Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin. Ó thuaidh, tá Carn Tóchair agus iarthar Bhéal Feirste chomh maith. Ó thaobh Cill Dara go háirithe, tá Cill Dara le Gaeilge ann. Is eagraíocht é seo atá ag déanamh iarracht líonra Gaeilge a bhunadh i gCill Dara. Tá an oiread sin Gaeilge á labhairt i gCill Dara. Breathnaím ar Mhaigh Nuad, mo bhaile féin, mar shampla. Tá dhá Ghaelscoil i Maigh Nuad agus tá Gaelcholáiste ann. Tá Ollscoil Mhá Nuad ann, ar ndóigh, agus Coláiste Phádraig Má Nuad chomh maith. Tá Gaeilge Nuada ag déanamh an-obair ansin, chomh maith le Gaeilge an Bhradáin i Léim an Bhradáin. Ní hamháin go bhfuil mé ag breathnú ar Cill Dara le Gaeilge agus Nás na Ríogh agus Sult na Sollán ach tá mé ag breathnú ar Mhaigh Nuad chomh maith ó thaobh líonra Gaeilge sa todhchaí. Ceist amháin atá agam ag teacht as sin ná cathain a mbeidh an chéad bhabhta maoinithe eile ar fáil do na heagraíochtaí sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.