Dáil debates
Wednesday, 26 March 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
11:05 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source
Bhí comhrá agus díospóireacht leathan againn ansin cé go rabhamar ag díriú isteach ar leasú áirithe. Bhí caint mar gheall ar phobal mór na Gaeilge agus lucht labhartha na Gaelainne fud fad na tíre seo. Is ceart an comhthéacs sin a bheith againn ach caithfimid a aithint go bhfuil an Ghaeltacht éagsúil. Is rud aonarach í Gaeltacht na hÉireann. Ní hamháin go bhfuil an Ghaelainn beo bríomhar mar theanga labhartha laethúil ag an bpobal ach tá sé ann leis na glúnta siar. Tá sé beo beathach ó bhí an Ghaelainn ann mar theanga den chéad uair. Ní raibh am riamh nach raibh an Ghaelainn á labhairt sna ceantair sin. Caithfidh an t-aitheantas sin a bheith againn. Tá sé iontach an comhrá mór seo agus an comhthéacs mar gheall ar an nGaelainn fud fad na tíre a bheith againn ach, sa díospóireacht seo, caithfimid díriú isteach ar an nGaeltacht agus iarrachtaí an Stáit thar na blianta an Ghaeltacht a chaomhnú agus daoine a choimeád inti. Mar a dúirt urlabhraí amháin, bhí fostaíocht de dhíth roimhe agus anois tá tithíocht agus infheistíocht i slite eile de dhíth. Maíodh an tAire go bhfuil gá le bord níos lú ionas go mbeidh sé éifeachtach. Ní fheadar an bhfuil aon staidéar déanta ag an Aire nó ag an Roinn mar gheall ar éifeacht an bhoird agus cé mhéad comhalta is fearr.
An bhfuil aon fhianaise mar bhunchloch leis an méid a dúirt an tAire gur ceart bord níos lú a bheith againn in ionad ceann níos mó ionas go mbeidh sé níos éifeachtaí? Mar a luaigh mé cheana féin, is iarchomhairleoir mé. Tá 32 comhairleoir ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus bhíomar in ann ár ngnó a dhéanamh, bhíomar in ann cur le straitéis agus bhí an-chuid taithí againn. Tá sé mar an gcéanna i ngach comhairle áitiúil, sa Teach seo agus sa Seanad. Tá gá orainn a bheith macánta mar gheall air seo. Ba cheart go mbeadh muinín againn sna pobail Ghaeltachta gur féidir leo a gcinntí féin a dhéanamh, go bhfuil ceart acu a gcinntí féin a dhéanamh agus go dtuigeann siad cad is fearr dóibh a dhéanamh mar phobal. Is é sin an daonlathas.
Ní gá dúinn ailtirí nó tógálaithe a bheith ar bhord Údarás na Gaeltachta chun tosaíocht a dhéanamh de thithíocht Gaeltachta. Tá gá ann daoine atá ag maireachtáil, a bhfuil taithí acu, ó gach ceantar Gaeltachta a bheith ar an mbord ionas go bhfuil sé sin mar thosaíocht. Ní gá dúinn tuismitheoirí agus múinteoirí a bheith againn ar bhord Údarás na Gaeltachta ionas go dtuigimid agus go dtuigeann siad go bhfuil an Gaeloideachas mar chuspóir agus rud an-tábhachtach. Is gá dúinn daoine atá ag maireachtáil agus taithí acu ar an nGaeltacht a bheith air. Chomh maith leis sin, tá gá le pobal iomlán na Gaeltachta a bheith in ann a chead cainte a bheith acu agus an cinneadh seo a dhéanamh, ní Aire - pé Aire a bheadh ann amach anseo - ag ceapadh seisear bunaithe ar pé saghas ruda gur mian leis nó léi amach anseo.
No comments