Dáil debates
Wednesday, 26 March 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
10:55 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an oiread sin plé le déanamh anseo tá sé deacair díriú isteach ar cén cuid ba chóir dúinn plé a dhéanamh air.
Déileálfaidh mé le ceist amháin. Ghabh an Teachta Tóibín a bhuíochas liom as an leasú ach tá an leasú bunaithe ar an tuarascáil a dhein an comhchoiste. Bhí an tAire féin ar an gcomhchoiste sin ar feadh tréimhse. Dhein muid staidéar agus lorg muid aighneachtaí. Bhí orainn é sin a dhéanamh mar tháinig cinnteidil an Bhille seo os ár gcomhair le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtach. Is tamall ó shin a tharla é seo, i mí Iúil 2023. Dhein muid faoi dheifir é. Mar a dúirt muid ag an am, ní raibh muid ag iarraidh moill a chur ar an reachtaíocht seo. Bhíomar ag tnúth go mbeadh sé rite ina iomláine agus go mbeadh an toghchán ceangailte leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Níor tharla sé sin. Is féidir linn ar fad caint faoi sin ach níl aon tairbhe le baint as ag an staid seo. Bhí cúpla moladh leagtha síos againn. Is fiú dúinn díriú isteach ar cheann amháin dóibh: "Molann an Comhchoiste go gcuirfear an tAire córas i bhfeidhm trína dtoghfar baill uile Bhord Údarás na Gaeltachta, seachas córas ina dtoghfar roinnt ball agus ina n-ainmnítear roinnt ball eile" mar a bhí leagtha síos sa scéim. Ag an am, bhí deichniúr lena bheith tofa agus seisear lena bheith ainmnithe. Bhí an coiste tar éis díriú isteach air sin. Luafaidh mé ceann de na fáthanna leis seo. I gceantar an Aire féin, Maigh Eo, má ritear é seo, bheadh níos lú daoine tofa chuig bord Údarás na Gaeltachta amach anseo ná mar a bhí roimhe seo.
Ceann de na rudaí a dúirt an tAire maidir leis an mbord ná gur bord Stáit é agus go gcaithfimid cinnte a dhéanamh de go bhfuil saineolas ar leith ann. Tá loighic éigin leis sin ach, má fhéachtar ar na comhairlí contae nó bardais a bhí ann fadó, is comhlachtaí le boird iad anois. Is iad na comhairleoirí contae na boird sin. Tá an saineolas ann áfach. Tá CEOanna ann anois. Is é bainisteoir contae nó cathrach an teideal a bhíodh orthu. Ina dhiaidh sin, tá daoine eile ag leibhéil dhifriúla. Anuas air sin, fiú leis an saineolas sin sna comhairlí contae agus i mboird Stáit, nuair a aithnítear ganntanas nó bearna shaineolais, íoctar as. Is é sin an meon atá ann anois. Tugtar isteach daoine leis an saineolas agus cuidíonn siad. In aon bhord Stáit, ní gá go mbeadh cuntasóir ina suí ar an mbord. Íoctar as agus déanann cuntasóir cuntasaíocht. Ní féidir a dhéanamh cinnte de go mbeadh saineolas ar gach uile rud a tharlaíonn sa Ghaeltacht ag an mbord. In ainneoin an liosta ar thug an tAire dúinn, ní bheadh innealtóir ar bhord Údarás na Gaeltachta. Bhuel, ní gá go mbeadh. D'fhéadfadh an tAire innealtóir a roghnú. Tagann ceist inscne isteach sa cheist seo ar fad freisin. Níor dhéileáil muid leis sin. Níor tháinig an tAire suas le haon chinneadh maidir le conas is féidir déileáil leis an gcothromas a bhí i gceist agus gur iarradh ar an gcoiste díriú isteach air. Is féidir déileáil le heaspa saineolais sa bhealach inar dhéileáladh léi roimhe seo. Ní gá go mbeadh saineolas ar gach duine i gcónaí.
I slí amháin, is sórt masla é dóibh siúd atá ag dul in iomaíocht. Níl a fhios againn cé hiad go fóill. B'fhéidir gurb iad na daoine ceannann céanna a chuir a n-ainmneacha chun cinn don chóras roghnúcháin a bheidh san iomaíocht. Is féidir leis an Aire iad a ainmniú cé nár toghadh iad. Tá sé sin mídhaonlathach. Ba chóir go mbeadh gach uile dhuine tofa sa tslí a luaigh muid. Tá an ceart ag an Aire agus orthu siúd a deir gur bhord mór millteach a bheadh ann. Ní mór millteach a bheadh sé cé go mbeadh sé mór. Tá a leithéid ann ina lán ceantar eile timpeall an domhain. Táim ag caint faoi cheantair imeallacha agus ceantair ina labhraítear mionteangacha. Is áiteanna iad sin ina bhfuil gá le guth na bpobal, pobail atá scartha amach óna chéile go minic. Tá Ráth Chairn, An Rinn, iarthar Chiarraí agus Uíbh Ráthach ar fad scartha amach óna chéile. Tá an tAire ag rá go mbeadh saineolaí ag teacht isteach ag rá sé seo, siúd agus uile. Nuair a d'fhéach an Stát ar an gceist seo tar éis fáil réidh le toghcháin don údarás - rud seafóideach ina iomláine a choigil cúpla pingin shuarach ach a chuir as d'aon daonlathais a bhí i gceist go dtí sin - fuarthas na saineolaithe agus dhírigh BDO isteach air chun tuairim a thabhairt ar an bpróiseas roghnúcháin. Tá an tuairisc sin beagáinín tubaisteach. Níor tuigeadh an t-éileamh ar thoghcháin sna ceantair Ghaeltachta. Thar na blianta, maraon le comhairlí contae agus cathracha, bhí comhairlí baile ann. I dtíortha eile timpeall na hEorpa, tá i bhfad Éireann níos mó daonlathas áitiúil i gceist, síos go dtí na bailte beaga. Bíonn i bhfad Éireann níos mó daoine tofa agus i bhfad Éireann níos mó daonlathais i gceist i gcinntí a dhéantar a mbeadh tionchar acu ar na ceantair féin. Cé hiad na daoine is fearr chun eolas a bheith acu ar cad atá de dhíth sa Ghaeltacht seachas daoine a raibh cónaí ar a muintir i gceantair Ghaeltachta le glúnta agus iad ag streachailt leo bliain i ndiaidh bliana?
Ba chóir aitheantas a thabhairt don údarás as an obair atá déanta aige go dtí seo agus é srianta go minic de bharr easpa maoinithe. Nílim ag caitheamh anuas air nó ar an Aire. Measaim go dtuigeann an tAire go díreach cad atá i gceist le díriú isteach ar cheisteanna Gaeltachta níos mó ná roinnt de na hAirí eile. Ba léir é sin agus é féin ar an gcoiste Gaeilge agus Gaeltachta. Guím gach rath ar an obair atá roimhe ach tá an cás seo chomh dáiríre gur gá dó smaoineamh air an athuair. Níor chóir cleas a imirt ar phobal na Gaeltachta. Níor chóir a rá go bhfuilimid ag tabhairt ar ais an daonlathas ach go mbeidh smacht ag an Aire fós toisc go mbeidh breis agus 35% de chomhaltaí an bhoird roghnaithe aige. Beidh an smacht sin ag an Aire nó ag pé Aire atá ann amach anseo.
No comments