Dáil debates
Wednesday, 5 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
9:05 am
Pádraig O'Sullivan (Cork North-Central, Fianna Fail) | Oireachtas source
Táim saghas cosúil leis an Teachta Connolly ag an am seo den bhliain. Táim idir dhá chomhairle faoin am seo den bhliain. Tagaimid go léir isteach agus labhraímid mar gheall ar cé chomh tábhachtach is atá an teanga agus, go pointe, go gcreidimid sa teanga agus sa todhchaí atá le teacht don teanga. Ní theastaíonn uaim an frása "tokenism" nó "cur i gcéill" a úsáid ach braitheann sé cosúil leis sin ó am go chéile. Aontaím leis an Teachta Connolly go gcaithfimid níos mó ama a thabhairt chun an teanga a labhairt sa Seomra seo gach seachtain, agus má déanann muid é sin trí priority questions - ní theastaíonn uaim an díospóireacht sin a oscailt anois - nó cibé slí, caithfear níos mó ama a bheith curtha ar leataobh don teanga a úsáid sa Chamber.
Creidim go huile is go hiomlán sa dátheangachas agus tá sé le feiceáil timpeall an domhain gurb é sin an tslí is fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mo thuairim féin. D'fhreastail mé ar Ghaelscoil, fadó ag an bpointe seo.
Nuair a bhíomar sa rang gach lá ag déanamh comhrá le chéile, ag déanamh cumarsáide, ag imirt spóirt le chéile, ag dul chuig an gceaintín le chéile agus ag déanamh na gnáthrudaí sin, ba é sin an t-am a raibh an teanga á cur chun cinn. Creidim go huile agus go hiomlán sa dátheangachas. Mar Rialtas, caithfimid a bheith dáiríre faoi sin ó thaobh na bpolasaithe go léir atá ag teacht chugainn.
Tá triúr leanbh agam. Caithfidh mé smaoineamh ar a n-aoiseanna. Is trí, ceithre agus sé bliana d'aois atá siad. Tá siad go léir ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach nó réamhscoil lán-Ghaelach. Cosúil le roinnt daoine eile, nuair a thagann siad abhaile gach lá, tá sé deas le feiceáil go bhfuil siad ag foghlaim focal nach raibh ar eolas agam nuair a bhí mé an aois chéanna thart ar 40 bliain ó shin. Chuirfeadh sé náire ort cé chomh simplí is atá sé don aos óg an teanga a fhoghlaim chomh tapa sin.
Ar an bpointe sin, caithfimid níos mó deontas a thabhairt do réamhscoileanna agus do na naíonraí. Má táimid dáiríre faoin teanga, chun a bheith macánta, caithfimid gach réamhscoil a iompú ina naíonra chun tacú leis an teanga. Ar a laghad, ba chóir seans a thabhairt do na tuismitheoirí an rogha sin a bheith acu.
Tá pointe amháin eile agam mar gheall ar Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Ba cheart béim a chur ar thionscnaimh atá á dtógáil againn - extensions agus araile - chun scoileanna a fhorbairt inár gceantair féin. Táim ag smaoineamh ar Choláiste an Phiarsaigh i mo cheantar féin. Tá an coláiste anois ag feitheamh le trí bliana le dul tríd an gcóras pleanála. Tá sí ag feitheamh ar an 40 seomra atá le teacht. Caithfidh an Rialtas agus an tAire Oideachais a bheith dáiríre faoi na tionscnaimh sin a chur os comhair na ndaoine chomh luath agus is féidir.
Fáiltím roimh an infheistíocht a tugadh do TG4 agus Raidió na Gaeltachta le blianta anuas. Roimh gach buiséad, bhíomar go léir - an Cathaoirleach Gníomhach, an Teachta Connolly, san áireamh - ag lorg níos mó airgid ach, chun freastal ar an aos óg, caithfimid infheistíocht chinnte a thabhairt do na meáin chumarsáide sin.
No comments