Dáil debates

Wednesday, 5 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

9:15 am

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá sé iontach an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt i dTeach Laighean an tseachtain seo. Ach an oiread leis an Teachta a labhair romham, tacaím leis an dátheangachas. Tá sé iontach an dream atá ar bheagán focal nó a gceapann nach bhfuil cumas cuimsitheach acu a chloisteáil ag déanamh iarracht an Ghaeilge a labhairt. Cuirim an-fháilte roimhe sin. Bíonn fáilte roimhe sin i gcónaí. Níor cheart go mbeadh éinne neirbhíseach ná go mbeadh drogall ar éinne triail a bhaint as an nGaeilge agus í a labhairt. Tá fáilte roimhe sin i gcónaí. Tacaím leis an infheistíocht i mBaile Átha Cliath a fógraíodh aréir. Tá baint ag an gclár Gaeilge365 leis na húdaráis áitiúla thart ar Bhaile Átha Cliath. Tá an-fháilte roimh an €4 milliún seo.

Tá taighde cuimsitheach déanta ag Conradh na Gaeilge ó thaobh fhorbairt na Gaeilge. Tarraingeoidh mé cúpla pointe amach ón taighde sin. Is é an chéad rud ná an díolúine ó thaobh oideachais, múinteoireachta agus staidéar ag an dara leibhéal. Phléigh muid an cheist seo ag Ard-Fheis Fhine Gael bliain ó shin i nGaillimh. Gan dabht, tá na huimhreacha ag dul sa treo mícheart ó thaobh na ndíolúintí agus na daltaí nach bhfuil ag tabhairt faoin scrúdú ardteistiméireachta sa Ghaeilge. Caithfimid dul i ngleic leis sin agus an fhadhb sin a réiteach. Ó thaobh an chóras oideachais de, mar a deir an conradh, caithfear polasaí cuimsitheach nua a fhorbairt don Ghaeilge ó na naíonraí ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Níl sé sin againn faoi láthair.

Ó thaobh Údarás na Gaeltachta de, aontaím leis an gCathaoirleach Gníomhach gur cheart go mbeadh ról níos lárnaí ag an údarás ó thaobh tithíocht sna ceantair Ghaeltachta agus na planning guidelines sin. Blianta ó shin, ba í an fhadhb a bhí ag na Gaeltachtaí ná go raibh tithíocht ar fáil ach nach raibh poist dá laghad ar fáil. Tá sé sin athraithe anois agus tá an fhadhb an bealach eile. Tá an-chuid oibre ar fáil ach níl tithíocht ar fáil sa Ghaeltacht don dream ón nGaeltacht. Caithfear an fhadhb sin a réiteach. Níl sé difriúil. Tá an fhadhb chéanna i mBaile Átha Cliath ach tá fadhb ar leith i gceantair Ghaeltachta. Mar gheall ar an teanga, ba chóir dul i ngleic leis sin.

Tá Gaelcholáiste Reachrann, i mo Dháilcheantar féin, in prefabs le 24 bliain. Tá an-spiorad sa scoil agus tá ard-chaighdeán oideachais ar fáil ann. Tá na múinteoirí ag obair go crua agus tá na daltaí ag imirt spóirt an t-am ar fad, ag staidéar agus ag fáil torthaí maithe sna scrúduithe. Tá an scoil fós in prefabs tar éis 24 bliain. Tá sé an-tábhachtach an fhadhb seo a réiteach chun go mbeidh foirgneamh ar fáil don Ghaelcholáiste sin i mo cheantar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.