Dáil debates
Wednesday, 5 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
9:05 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Go hiontach. Rud eile praiticiúil ná na ranganna a éascú do gach leibhéal den fhoireann sa Dáil, na Teachtaí Dála, na Seanadóirí ach, go háirithe, an fhoireann ar an talamh agus sa bhialann, go mbeadh na ranganna seo feiliúnach dóibh agus ansin, tar éis sé mhí, go mbeadh togra píolótach ann le go mbeadh deis ag na daoine sin freastal saor in aisce ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht. Níor tharla sé sin ach an oiread. D'oibríomar traspháirtí agus chuireamar moltaí praiticiúla le chéile agus níor tharla sé sin. Tá beagáinín frustrachais orm go bhfuilimid fós i mbun ráiteas seachas beart a dhéanamh de réir ár mbriathar.
Chomh maith leis sin, luaigh an Teachta Murphy BÁNÚ. Bhí cruinniú poiblí againn an Domhnach seo caite agus bhí sé plódaithe. Is é an teachtaireacht chumhachtach a tháinig as ná go bhfuil géarchéim thithíochta náisiúnta ann agus tá an ghéarchéim sin ina géarchéim pobail agus teanga sa Ghaeltacht. Tá ceithre mholadh ann agus ní dóigh liom gur féidir le haon Teachta Dála anseo easaontú leis na moltaí sin. Tá siad thar a bheith praiticiúil. Is é an rud atá ar bharr an liosta ná go mbeadh na treoirlínte pleanála foilsithe. Is é an dara rud nó go mbeadh cumhacht ag Údarás na Gaeltachta dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta, i measc moltaí eile. Níl tada déanta go dtí seo. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus an Bille, beidh sé againn go luath, dár leis an Aire ina óráid. Arís, cén tseachtain, cén mhí nó cén bhliain? Tá gá práinneach chun toghchán a thabhairt ar ais ach, níos práinní fós, go mbeadh cumhacht ag an údarás ó thaobh tithe de. Tá neart talaimh ag an údarás.
Chomh maith leis sin, tháinig seacht gcóras áitiúil os ár gcomhair ar an gcoiste ó na Gaeltachtaí uilig agus bhí sé damanta soiléir nach raibh aon eolas acu faoi na dualgais a bhí orthu ó thaobh ceantair Ghaeltachta de. Bhí easpa tuisceana iomlán i gceist.
Ní féidir a bheith ag caint i ndáiríre faoin nGaeilge gan chaint faoi chúrsaí tithíochta agus gan an plean ó thaobh oideachais taobh amuigh den Ghaeltacht, oideachas trí Ghaeilge agus oideachas lánGhaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Táimid fós ag fanacht ar an dréachtpholasaí. Tá deireadh á chur leis an polasaí thar a bheith dearfach don oideachas laistigh den Ghaeltacht agus níl tásc nó tuairisc ar cad a tharlóidh amach anseo.
Mar fhocal scoir, tá éiginnteacht amach is amach i gceist ó thaobh an chórais pleanála teanga. Tá na hoifigigh pleanála teanga i dteagmháil linn go mion minic ag cur in iúl go bhfuil gá le cinnteacht.
No comments