Dáil debates

Wednesday, 5 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

8:35 am

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas le hAire na Gaeltachta, an Teachta Calleary, atá ceaptha anois. Ar ndóigh, beidh sé ag coinneáil súil ghéar ar na Gaeltachtaí éagsúla sa tír, ach ní ar na Gaeltachtaí amháin ach ar phobal na Gaeilge tríd an tír. Fáiltím roimh an deis seo labhairt sa díospóireacht seo ar Sheachtain na Gaeilge. Ní seachtain na Gaeilge atá i gceist anois; tá thart ar choicís nó níos mó i gceist. Nuair a bunaíodh Seachtain na Gaeilge in 1902, is Conradh na Gaeilge a bhunaigh é agus tá an-jab déanta aige thar na blianta sin. Tá go leor féilte tríd an tír agus smaoiním ar an cheann i mo bhaile dhúchais féin, féile Mary from Dungloe nó Féile Mháire an Chlocháin Léith. Gach uile Déardaoin i rith an fhéile sin, bíonn lá Gaeilge ann. Tagann daoine ó gach chairn den chontae agus níos faide i gcéin chun a bheith mar pháirt den fhéile sin.

Nuair a bhí mé féin i bParlaimint na hEorpa thar na blianta, ghlac mé an deis agus labhair mé an Ghaeilge. Tháinig go leor daoine chugam ina dhiaidh sin nach raibh a fhios acu go raibh an Ghaeilge againn. Dúirt siad nach raibh a fhios acu go raibh ár dteanga dhúchais againn. Bhí mé mar pháirt de ghrúpa ina dhiaidh sin chun aistriúcháin a chur ar fáil. Bhí Eamon Ó Cuív mar Aire na Gaeltachta mar pháirt de sin chomh maith.

Caithfimid dea-shampla a thabhairt don aos óg. Is an-deis é seo inniu, ós rud é go bhfuil an díospóireacht seo againn i nGaeilge. B’fhéidir gur cheart go mbeadh díospóireachtaí níos minice againn i nGaeilge agus treoir a thabhairt don aos óg. Caithfimid déanamh cinnte de go mhairfidh an teanga. Caithfimid í a chaomhnú agus í a chur chun cinn.

Déarfaidh mé rud amháin fá dtaobh den chlár Rialtais. Tá go leor daoine sa Ghaeltacht ag fanacht, mar a dúirt an Teachta Ó Muineacháin, ar thoghcháin Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhí mé féin ann, bhí go leor airgid chun na bóithre áise a chóiriú. Níl sé sin ann anois agus tá sé mar sprioc ag an Rialtas airgead a chur ar fáil go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.