Dáil debates

Wednesday, 5 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

8:25 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an díospóireacht anseo inniu agus an deis chun cúrsaí Gaelainne a chur chun cinn. Ar ndóigh, ní hamháin i rith Sheachtain na Gaeilge a bhíonn gá cúrsaí teanga a thabhairt chun cinn, ach go minic i rith na bliana chomh maith. Fáiltím roimh an deis inniu.

Tá Fianna Fáil gníomhach le fada an lá ó thaobh cúrsaí teanga. Mar shampla, in 2003, thugamar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cinn. Rinneadh leasú ar an Acht sin le blianta beaga anuas, agus spriocanna móra cosúil leis an sprioc go mbeidh 20% d'earcaigh nua chuig an Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge leagtha síos san Acht nua sin. Beidh sé sin dúshlánach, ach tá gá leis, mar tá éileamh ar an nGaelainn ón Státchóras agus tá muintir na Gaelainne ag lorg go mbeadh freastal cuí ann dóibh. Bhunaigh Fianna Fáil Oifig an Choimisinéara Teanga, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chun tacú le múinteoirí scoile agus le daltaí, agus Foras na Gaeilge. Inné, d'ardaigh mé ceist mar gheall ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus an brú atá air. Tá gá go mbeifí ábalta é sin a láimhseáil gan teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.

I mo thaobh na tíre, tá brú ar thithíocht, díreach mar atá in a lán áiteanna eile. Tá deacracht faoi leith sa Ghaeltacht, mar gan tithíocht, gan daoine agus gan pobal, ní bheidh teanga againn. Mar sin, tá brú faoi leith ann. Tá an t-ádh linn go bhfuil oifigeach pleanála teanga fuinniúil gníomhach inár ndúthaigh, Eibhlín Ní Lionáird, ag cur cúrsaí chun cinn. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh na háiseanna cuí ar fáil do na hoifigigh pleanála teanga ar fud na tíre.

Sa chlár Rialtais romhainn amach, tá spriocanna an-mhaithe leagtha síos ag an Rialtas. Cuirfidh scéim na mbóithre áise, a bhí á lorg ag mo chomhghleacaithe agus mé féin, le hinfreastruchtúr agus le caighdeán maireachtála sa Ghaeltacht. Molaim é sin a thabhairt ar aghaidh chomh luath agus is féidir.

Mar fhocal scoir, ar mhaithe leis an daonlathas sa Ghaeltacht, molaim an reachtaíocht maidir le toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt chun cinn chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.