Dáil debates
Wednesday, 5 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
8:25 am
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Is mór an onóir dom seasamh os bhur gcomhair inniu chun Seachtain na Gaeilge a chomóradh agus chun cloch mhíle thábhachtach i scéal na Gaeilge a cheiliúradh. Agus muid ag machnamh ar stair ár dteanga agus ar a todhchaí, tá sé ríthábhachtach an dul chun cinn iontach atá déanta againn a mheas, go háirithe ar stáitse na hEorpa. Ag meán oíche ar an 31 Nollaig 2021, bhain an Ghaeilge cothromas iomlán amach le 23 teanga oifigiúil eile an Aontais Eorpaigh. Nóiméad tábhachtach a bhí anseo, agus ní hamháin d'Éirinn. Ón 1 Eanáir 2022, tháinig deireadh leis an maolú a bhí i bhfeidhm ó 2007 agus bhain an Ghaeilge stádas iomlán amach in institiúidí an Aontais Eorpaigh i ré nua don chomhionannas teanga. Is aitheantas suntasach é an fhorbairt seo ar an nGaeilge agus ar ár bhféiniúlacht ar leith mar phobal. Dearbhaíonn sé, ag an leibhéal is airde go hidirnáisiúnta, nach déantúsán stairiúil amháin í an Ghaeilge nó iarsma ón am atá thart, ach teanga bheo atá ag forbairt, á labhairt ag go leor agus a bhfuil meas ag na milliúin uirthi. Is teanga de chuid an Aontais Eorpaigh í anois, a úsáidtear ar an mbealach céanna le haon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Cad a chiallaíonn an t-aitheantas iomlán seo dúinne mar náisiún? Ar an gcéad dul síos, cuireann sé an Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha bhunaitheoirí an Aontais, chomh maith le teangacha na mballstát is deireanaí a tháinig isteach ó shin. Is admháil é go bhfuil teanga againn, mar phobal, a léiríonn ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dtraidisiúin uathúla. Léiríonn sé freisin don domhan go bhfuil ómós agus meas ar éagsúlacht teanga agus chultúrtha na hÉireann laistigh den chreat Eorpach. Ní ceist stádas oifigiúil nó gradam amháin atá san éacht seo, áfach. Is aitheantas é go mbaineann ár dteanga le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh ar bhealach fíorphraiticiúil. Ciallaíonn an cinneadh an Ghaeilge a thabhairt isteach go hiomlán taobh istigh den Aontas go mbeidh an Ghaeilge ar fáil as seo amach le húsáid i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, i gcumarsáid agus i seirbhísí poiblí, díreach mar a dhéantar leis na teangacha oifigiúla eile. Deis atá ann dóibh siúd san Aontas Eorpach taithí a fháil ar shaibhreas ár dteanga, agus is freagracht é nach mór dúinn a ghlacadh anois mar náisiún. Cé go bhfuil a háit cheart ag an nGaeilge anois laistigh d'institiúidí an Aontais Eorpaigh, ní mór dúinn a aithint nach bhfuil sa stádas seo, cé go bhfuil sé tábhachtach, ach an tús.
Ní leor an Ghaeilge a bheith le cloisteáil i hallaí na Bruiséile agus Strasbourg. Bhí mé ag fágáil bialann i Lucsamburg cúpla bliain ó shin agus thosaigh roinnt daoine ag labhairt Gaeilge liom. Bhí mé an-bhródúil ag an am sin, agus tá sé iontach an Ghaeilge a chloisteáil sna cathracha sin. Ní mór í a chloisteáil agus a labhairt anseo sa bhaile, i saol laethúil ár ndaoine. Ní luíonn fíorluach an éachta seo san aitheantas foirmiúil laistigh d'institiúidí an Aontais Eorpaigh, ach ina thionchar i measc an phobail. Caithfimid a chinntiú go mbeidh rath ar an nGaeilge inár scoileanna, inár bpobail, inár dtithe agus sna Gaeltachtaí. Níl aon dabht ach go ndéanfaidh an tAire, an Teachta Calleary, jab iontach don Ghaeltacht agus Gaeltacht ina Dháilcheantar agus i mo Dháilcheantar freisin. Ní mór dúinn an Ghaeilge a úsáid agus a húsáid a spreagadh i ngach cearn den tsochaí - ó ghnó go healaíona agus cultúr, ó oideachas go seirbhísí poiblí. Is í úsáid rialta na Gaeilge don fhíorchumarsáid an eochair. Ní leor an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid sa chóras oideachais. Tá sé an-tábhachtach go n-úsáidimid sa chóras oideachais í, ach caithfimid ról a aimsiú di inár saol. Go deimhin, ní féidir máistreacht a fháil ar aon teanga mura bhfuilimid á húsáid go rialta, is cuma cén leibhéal inniúlachta atá againn. Taithí a dhéanann máistreacht, mar a deir an seanfhocal. Is trínár gcuid Gaeilge a chleachtadh go rialta a shroichimid líofacht.
Bíonn an-bród orm an Ghaeilge a chloisteáil nuair atáim ag obair san Aontas Eorpach agus ag úsáid na Gaeilge ag cruinnithe Comhairle na nAirí. Ag an am céanna, áfach, is rud an-phraiticiúil é don teanga freisin, mar tá an Ghaeilge anois in ann dul isteach sa todhchaí ag déileáil leis an gcóras digiteach, le hathrú aeráide agus cúrsaí cosanta. Tá a lán teangacha ar fud na hEorpa ag déileáil leis an dul chun cinn sin agus tá athrú ag teacht ar ár dteangacha agus focail nua á gcumadh. Tá sé sin ag tarlú sa Ghaeilge, ach tá sé ag tarlú i ngach teanga freisin. Tá roinnt de na dúshláin atá ag an nGaeilge ag teangacha eile freisin. Foilsíodh fógra ar shuíomh Idirlín an Choimisiúin Eorpaigh. Tá 33 dlítheangeolaí le Béarla agus dhá theanga eile á lorg acu. Caithfidh na hiarrthóirí a bheith ó hÉirinn, an Bhreatain Mhór nó Málta. Tá deis iontach ansin d'Éireannaigh le Gaeilge ar ardleibhéal acu post a fháil sna hinstitiúidí. Impím orthu an fógra sin a léamh.
No comments