Dáil debates
Wednesday, 5 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
8:25 am
Ciarán Ahern (Dublin South West, Labour) | Oireachtas source
Creidim go bhfuil malartú cultúrtha agus meas nua tagtha ar ár dteanga dhúchais le blianta beaga anuas. Tá Pop-Up Gaeltachtaí, leabhair nua, podchraoltaí cosúil le "Motherfoclóir", ceol Kneecap agus a leithéid sin ag cabhrú leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tá suim sa Ghaeilge ag daoine óga na linne seo, agus tá ár dteanga ar fáil do gach duine. Ní mór dúinn an deis seo a thapú agus seans a thabhairt do dhaoine an teanga a fhoghlaim anois, agus níos tábhachtaí fós, í a labhairt gach lá. Ba chóir dúinn tosú ar an obair seo sna scoileanna. An tslí is fearr chun teanga a fhoghlaim ná a bheith báite go dtí na súile inti. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimid deiseanna dár ndaltaí an Ghaeilge a labhairt istigh sna seomraí ranga agus taobh amuigh sa phobal.
Tá an t-ádh dearg orainn i mo Dháilcheantar féin, Baile Átha Cliath Thiar Theas, go bhfuil Gaelscoileanna iontacha againn, ar nós Gaelcholáiste an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin; Gaelscoil na Giúise i dTeach na Giúise; Scoil Chaitlín Maude agus Scoil Santain i dTamhlacht; agus Gaelscoil Chnoc Liamhna i gCnoc Liamhna. Is mian liom scoileanna mar iad a fhás agus a fhorbairt ionas go mbeidh an deis ag i bhfad níos mó daoine óga an Ghaeilge a fhoghlaim agus a fhás aníos sáite inti.
Tugaim ardmholadh a thabhairt do na grúpaí éagsúla sa phobal agus na grúpaí comhrá i mo cheantar, Baile Buadáin le Gaeilge ach go háirithe, a dhéanann sárobair an Ghaeilge a chur chun cinn ag comhoibriú le club CLG Baile Buadáin Naomh Éanna. Eagraíonn siad imeachtaí iontacha agus ranganna trí Ghaeilge a léiríonn an fhoghlaim nádúrtha. Bíonn toradh thar barr ag tionscnaimh mar ghrúpaí WhatsApp as Gaeilge chomh maith. Ní mór dúinn ár seacht ndícheall a dhéanamh chun tionscnamh mar seo a chothú sa phobal, chomh maith le níos mó deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga ár dteanga dhúchais a labhairt sa chóras oideachais agus ar chuairteanna go dtí na Gaeltachtaí. Is trí í a labhairt a thiocfaidh méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge.
No comments