Dáil debates

Wednesday, 5 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

8:35 am

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is mór an onóir dom a bheith ag labhairt ar an nGaeilge don dara huair i rith Seachtain na Gaeilge. Is seachtain í seo do gach duine le ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga. Gaeilge más féidir, Béarla más gá, mar a deirimid. Ba bhreá liom a bheith ag seasamh os bhur gcomhair agus ag ceiliúradh na rudaí iontacha faoin teanga. Ba bhreá liom a bheith caint faoin ngrá pearsanta atá agam di, faoin saibhreas atá aici, faoin neart agus spiorad atá ag Gaeilgeoirí fud fad na tíre, agus faoi na daoine ar fad atá á labhairt lá i ndiaidh lae. Ach, faraor, ta géarchéim ann i leith na teanga. Ta líon na ndaoine ag labhairt na teanga sa Ghaeltacht tar éis titim sa dhá daonáireamh deireanach. Nil ach teaghlach amháin as cúig ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, agus tá an ghéarchéim thithíochta ag meá na Gaeilge mar nach féidir le daoine áitiúla tithe a thógáil sna ceantair inar tógadh iad. Tá níos mó ná 1,000 teach ar cíos ag Airbnb sa Ghaeltacht chomh maith, gan ach deich acu ar cíos fadtéarmach. Tá an Rialtas seo ag cur le scrios na teanga.

l mo Dháilcheantar féin i gCill Dara Theas, tá an-chuid grúpaí Gaeilge ag déanamh a seacht ndícheall an Ghaeilge a chur chun cinn. Is grúpa pobail é Glór an Churraigh. Cuireann sé imeachtaí ar fáil trí Ghaeilge ar nós maidin chaife an Luain, céilithe móra, tráth na gceist agus Pop-Up Gaeltacht, a d’fhreastail mé air le déanaí. Grúpa eile is ea Cill Dara le Gaeilge, atá ag cur seirbhís chuimsitheach ar fáil chun tacú leis an nGaeilge sa chontae. Tá baill an ghrúpa ag cur an teanga chun cinn tríd í a spreagadh i ngnólachtaí áitiúla, trí scéimeanna a chur ar fáil dóibh siúd atá spéis acu an Ghaeilge a fhorbairt sa ghnó atá acu, agus tríd imeachtaí iontacha a chur ar fáil do Sheachtain na Gaeilge do mhuintir Chill Dara.

Mar gheall ar fadhbanna maoinithe le Foras na Gaeilge áfach, tá baol ann nach mbeidh eagrais thábhachtacha cosúil le Cill Dara le Gaeilge beo amach anseo. Caithfidh an Rialtas a chinntiú go mbeidh eagrais mar seo beo. Caithfidh an Rialtas maoiniú eile a chur ar fáil don bhforas ionas gur féidir leis leanúint ar aghaidh leis an sárobair atá ar siúl aige. Níl an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge. Deir sé sa chlár Rialtas:

This Government is committed to the protection and promotion of the Irish language. lt is the first language of the state.

Tá sé seo go léir scríofa i mBéarla. Don Rialtas seo, it is English only, Gaeilge if necessary.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.