Dáil debates

Wednesday, 5 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

8:05 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Mar dhuine ón Ghaeltacht agus mar dhuine a chónaíonn sa Ghaeltacht, is mian liom Seachtain na Gaeilge a úsáid mar dheis chun cuid de na hábhair atá ag cur imní ar mo phobal maidir le tithíocht a chur os comhair na Dála agus a léiriú. Ar feadh na mblianta, diúltaíodh cead pleanála do go leor daoine is muintir na Gaeltachta, cé go raibh easpa tithíochta le ligin ar cíos sa cheantar seo. Mar is eol dúinn, tá na tithe atá ar fáil ar cíos róchostasach. Tá na cinn atá le ceannach róchostasach fosta. I nDún na nGall, tá sé seo níos measa mar gheall ar an ghéarchéim ó thaobh na mbloc coincréite lochtaí.

Bhí triúir i dteagmháil le m’oifig ar na mallaibh ón Ghaeltacht agus iad i mbaol go mbeadh siad fágtha gan dídean. Is rud é seo nach raibh againn riamh i gceantar Dhún na nGall san am a chuaigh thart. Is é polasaí tithíochta an Rialtais is cúis leis seo.

Is é ceann de na constaicí is mó atá ag muintir na háite ná cead pleanála a fháil. Cé go bhfuil sé ráite ag an Rialtas go bhfuil sé i bhfabhar cead pleanála, tá a fhios againn go bhfuil fadhb mhór ó thaobh cead pleanála a fháil, go háirithe ar an phríomhbhóthar náisiúnta. Is é an príomhbhóthar náisiúnta ná an N56 a théann trí mhórchuid cheantar agus Ghaeltacht Dhún na nGall. Is é an N56 cnámh droma Dhún na nGall. Tá sé seo ag cruthú faidhbe millteanaí móire do dhaoine, go háirithe do lánúin óga atá ag iarraidh a gcuid teaghlach a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht mar nach bhfuil siad ábalta fanacht inti. Caithfidh an Rialtas comhréiteach a dhéanamh agus glacadh leis go bhfuil an polasaí seo ag déanamh dochar dochreidte do Ghaeltacht Dhún na nGall. Is rud é seo go bhféadfadh an Rialtas gníomhú air láithreach agus tá sé ráite is ardaithe agam arís is arís eile sa Dáil seo. Mar atá cúrsaí, caithfidh daoine an ceantar a fhágáil mar nach bhfuil siad ábalta an cead pleanála a fháil. Cuireann sé slánú ár dteanga dúchais i mbaol. Is í fírinne an scéil ná go bhfuil titim ar líon na gcainteoirí a luaigh go bhfuil Gaeilge acu sna ceantair Ghaeltachta le dhá dhaonáireamh as a chéile. Níl ach teaghlach amháin as gach cúigear ag tógáil clainne le Gaeilge anois.

Níl na treoirlínte pleanála Gaeltachta - atá geallta dúinn ón iarAire tithíochta, atá ina Aire Iompair reatha anois, an Teachta O’Brien, - feicthe againn go fóill. Gheall sé iad in 2021. Ní dhearnadh go leor infheistíochta ach an oiread i mbonneagar Gaeltachta ó thaobh leictreachais, uisce agus séarachais de. Tá sé seo le feiceáil go soiléir. I mo cheantar féin, tá réabadh ar na píopaí uisce chóir a bheith achan seachtain agus níl scéim séarachais Ghaoth Dobhair ag dul chun tosaigh mar a bhí geallta agus beartaithe. Caithfidh muid i bhfad níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge, na Gaeltachta agus na teanga náisiúnta de. Mar shampla amháin, chuir Sinn Féin seacht n-uaire níos mó airgid ar fáil don earnáil ná mar atá á chur ar fáil faoi láthair. Sin an rud atá ag teastáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.