Dáil debates

Wednesday, 5 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

8:05 am

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Tá sé de phribhléid labhairt inniu faoinár dteanga náisiúnta, an Ghaeilge, teanga an oileáin seo agus teanga na nGael. Tá mé mórtasach agus bródúil go bhfuil mo theanga féin á labhairt agam anseo inár bParlaimint náisiúnta.

Labhair le haon Gaeilgeoir agus déarfaidh sé nó sí an rud céanna faoin mhothúchán a mhúsclaíonn sí ionainn agus sinn á labhairt. Is teanga bheo í an Ghaeilge, teanga a mhair trí na céadta bliain de dheacrachtaí agus dúshláin, teanga a d’fhan dílis dár n-oidhreacht, dár n-aitheantas agus dár spiorad. Is croílár ár náisiúin í agus is í an nasc a nascann sinn lenár n-am atá caite, lenár láthair agus lenár todhchaí. Is í an snáithe órga a nascann sinn le glúnta atá imithe romhainn agus a threoraíonn sinn i dtreo todhchaí ina mbeidh ár n-oidhreacht beo bríomhar.

Is í an fhuaim a thugann beatha dár stair, dár seanchas agus dár dtraidisiún. Is í an teanga a labhair ár laochra, ár bhfilí, ár réabhlóidithe agus ár n-ealaíontóirí. In ainneoin an easa in aghaidh a snámhann sí, tá líon na ndaoine atá ag foghlaim agus ag úsáid na Gaeilge ag méadú de réir a chéile. Tá an Ghaeilge le feiceáil níos mó is níos mó inár saol poiblí, inár meán cumarsáide agus inár gcóras oideachais. Tá todhchaí na Gaeilge idir lámha ach tá sé in am dúinn an Ghaeilge a labhairt le bród, í a fhoghlaim le paisean agus a roinnt le grá.

Tá Sinn Féin dáiríre faoin teanga agus faoi thodhchaí na teanga. Tá polasaithe agus pleananna Shinn Féin dáiríre faoi Éire a bheith ina háit shábháilte don Ghaeilge, in ainneoin an caith san aer, an neamhaird agus an dímheas a thagann ó dhreamanna eile i bhfad rómhinic.

Tá gá le maoiniú don Ghaeilge a ardú, go háirithe i scéimeanna Fhoras na Gaeilge, lena bhfuil ciorraithe de 45% déanta orthu le 20 bliain anuas. Tá gá le Gaeloideachas a chur ar fáil mar cheart do dhaltaí atá á iarraidh ag gach leibhéal agus in gach cuid dár dtír. Tá gá le Gaeilgeoirí a chóiméad sa Ghaeltacht le tithíocht agus fostaíocht agus stop a chur le bánú na Gaeltachta. Is ceist an-dáiríre í sin i mo cheantar féin i nGaeltacht na nDéise in iarthar Phort Láirge, áit a bhfuil teip ag teacht agus baol á chur ar thodhchaí na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta. Impím ar an Aire, an Teachta Calleary, beart a dhéanamh dá réir a bhriathar air sin.

Tá sé de dhualgas orainn sa Teach seo an Ghaeilge a chosaint, a chur chun cinn agus a neartú. Caithfidh muid tacaíocht a thabhairt do na pobail Ghaeltachta, na scoileanna lán-Ghaeilge agus na heagraíochtaí atá ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Caithfidh muid an Ghaeilge a labhairt, a scríobh, a léamh agus a chanadh. Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar chuid lárnach dár saol laethúil, gan drogall gan náire agus gan lagmhisneach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.