Dáil debates
Wednesday, 5 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
7:55 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá a lán cainte an tseachtain seo le linn Seachtain na Gaeilge - nó coicís na Gaeilge ag an staid seo - faoi bhrí focail Ghaeilge. Bhí a lán cainte ann le déanaí faoi cad is “bréag” ann. An bréag a bhí i gceist in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, ós rud é go bhfuil ailt 9A, 18C, 18E agus 19A á sárú ag an Rialtas? An bréag a bhí i gceist leis an ndualgas in Acht an Gharda Síochána, 2003 gardaí le Gaeilge a lonnú sa Ghaeltacht, dualgas atá á shárú go leanúnach ag an Rialtas? An bréag a bhí sna geallúintí go dtiocfadh toghchán Údarás na Gaeltachta ar ais? Cad faoin ngeallúint i leith scéim labhairt na Gaeilge? An bréag a bhí sna geallúintí go léir faoi threoirlínte pleanála Gaeltachta, sé sin go mbeadh siad ann faoin Nollaig 2021, agus ansin sa chéad ráithe de 2022, roimh dheireadh 2022, go luath i 2023, i lár 2023, faoi Cháisc 2023, agus i lár 2024? Ní raibh na treoirlínte luaite in óráid an Aire díreach anois. An bréag a bhí ann nuair a dúirt oifigigh an Roinn tithíochta in 2022 go raibh na treoirlínte críochnaithe acu ach go raibh siad ag fanacht ar Roinn na Gaeltachta? An bréag a bhí ann nuair a dúirt an Roinn Gaeltachta in 2023 go raibh na treoirlínte críochnaithe aige ach go raibh sé ag fanacht ar an Roinn tithíochta? Níl mise ag rá gur bhréag a bhí ann, ach is léir nach bhfuil an fhírinne i gceist sna ráitis seo go léir. Níl na treoirlínte fiú luaite sa chlár Rialtas i mbliana cé go bhfuil bánú ag tarlú sa Ghaeltacht, nuair nach féidir leis an gcuid is mó den ghnáthphobal teach a thógáil nó a cheannach sna ceantair sin. Tá líon na nGaeilgeoirí laethúla ag titim. Tá borradh ar an nGaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a bhuí go háirithe le leithéidí Kneecap agus na díograiseoirí eile thar na cianta a bhí ag streachailt ina measc. Ach tar éis 20 bliain de dhí-infheistiú ón Rialtas anseo, agus an DUP anois ag cur cosc ar arduithe maoinithe, tá iarrachtaí pobal ag streachailt fad is atáimid anseo ag maíomh as a gcuid oibre.
Thug Sinn Féin an deis don Dáil aréir dul níos faide ná béalghrá bliantúil na ráitis seo. Bhí sé spéisiúil nár labhair aon duine ó Fhianna Fáil sa díospóireacht sin. Dúirt Teachtaí Fhine Gael gur chóir go mbeadh oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil do chách ach anocht vótálfaidh siad i gcoinne an rún chun an ceart sin a aithint. Tá focal againn i nGaeilge nuair nach ndéanann daoine gníomhú de réir a mbriathra - "bréag" atá i gceist ansin.
No comments