Dáil debates
Tuesday, 4 March 2025
Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]
7:20 pm
Louise O'Reilly (Dublin Fingal West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le hEolan Ó Rinn agus le hEoghan Finn as oifig an Teachta Ó Snodaigh. Is é sin an chéad am a bheidh mé ag caint as Gaeilge sa Dáil seo. Táim neirbhíseach. Níl confidence mór agam agus tá support mór agam ó na Teachtaí Doherty, Farrell agus Ó Snodaigh, ó Eoghan agus Eolan agus ó gach duine i mo pháirtí a bhfuil grá don teanga acu.
Is scoil den scoth í Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín. Bhí an feachtas le haghaidh meánscoil lán-Ghaeilge an-dian agus táimid uilig bródúil as Coláiste Ghlór na Mara, atá ina pobalscoil iontach. D'osclaíodh an scoil in 2014 le 27 scoláire. Anois tá breis agus 500 ann. Is léir go bhfuil oideachas lán-Ghaeilge ag teastáil ó mhuintir Chontae Bhaile Átha Cliath thuaidh agus in oirthear chontae na Mí. Tá an scoil seo tar éis dul ó neart go neart de bharr na hoibre déine atá déanta ag foireann na scoile, na tuismitheoirí agus na scoláirí. Tá siad uilig ag cur ár dteanga chun cinn agus táimid uilig an-bhródúil astu.
Tá an daonra is óige againn sa Stát. Caithfimid cinntiú go mbeidh an deis ag gach páiste a chuid oideachais a bhaint amach trí theanga dhúchais na tíre seo. Ní hamháin sin, ach caithfimid cinntiú go mbeidh an rogha sin éasca dóibh. Ba chóir dúinn páistí a spreagadh chun foghlaim tríd an teanga. Cén teachtaireacht a sheolann sé nuair nach féidir leo fiú bus a fháil ó áiteanna cosúil leis an Aill agus Ráth Eanaigh go dtí an mheánscoil? I gcroílár an mhéid seo, níl cothrom na Féinne á thabhairt do dhaltaí a bhfuil fonn orthu foghlaim trí theanga na tíre seo. Níl an deis acu taisteal ar scoil go neamhspleách sa tslí chéanna le daltaí i scoileanna a n-oibríonn trí Bhéarla. Cad a mhothaíonn na daltaí nuair atá a gcairde agus a gcomharsana ábalta taisteal go héasca go scoileanna eile? Cén mheas atá ar an teanga féin sa sainchás seo? Tá géarghá le scoil lán-Ghaeilge i Sord agus Mullach Íde freisin.
Ba chóir go mbeadh cothrom na Féinne ag daltaí a dhéanann an rogha a dteanga féin a fhoghlaim agus a labhairt. Is é ár dteanga féin í. Ní bhaineann sé le grúpa beag amháin ach le chuile dhuine ar an oileán seo. Ba mhaith liom a rá go bhfuilim ag foghlaim, mar aon leis an gCeann Comhairle féin agus leis an Aire.
No comments