Dáil debates

Tuesday, 4 March 2025

Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]

 

7:20 pm

Photo of Barry WardBarry Ward (Dún Laoghaire, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Oideachais as ucht an t-am seo a thabhairt dom labhairt ar an ábhar seo, atá thar a bheith tábhachtach domsa. Mar is eol dúinn go léir, ní gnáthrud é go mbeadh seans ag cúlbhinseoir Rialtais labhairt ar Ghnó Príobháideach de chuid an Fhreasúra. Gabhaim buíochas freisin le Sinn Féin as a chuid ama a thabhairt chun an cheist seo a phlé. Aithním go háirithe an Teachta Ó Snodaigh ní hamháin as an méid a dúirt sé anocht, ach as an obair atá déanta aige le blianta anois ar son na Gaeilge, chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus mar Chathaoirleach an choiste Gaeilge.

Is ceist lárnach domsa go mbeadh seans ag gach éinne sa tír a chuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge. Más mian leo, ba cheart go mbeadh siad in ann é seo a dhéanamh. Muna bhfuil na Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ann, ní féidir le tuismitheoirí nó páistí an rogha sin a dhéanamh. Cuireann sé frustrachas orm nuair a thagann tuismitheoirí chugam ag iarraidh áit i nGaelscoil dá bpáistí nuair nach bhfuil an áit sin ar fáil cé go bhfuil Gaelscoil nó Gaelscoileanna sa cheantar. Caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi sin. Aontaím leis an nglaoch sa rún go mbeadh oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil do chách. Is é an cheist thábhachtach ná conas a shroichfimid an pointe sin. Tá an t-ádh orm a bheith mar Theachta Dála i nDún Laoghaire, áit a bhfuil dhá Ghaelscoil sa cheantar: Scoil Lorcáin i mBaile na Manach agus Gaelscoil Phádraig i mBaile Breac. Tá Gaelscoileanna eile díreach in aice leis an Dáilcheantar. Níl an rogha chéanna ag tuismitheoirí i ngach páirt den tír. Caithfimid déileáil leis sin. Baineann sé le rogha. Ba chóir go mbeadh an rogha ag tuismitheoirí a bpáistí a chur i nGaelscoil agus, tar éis sin, i nGaelcholáiste. Is fadhb é sin i ngach áit.

Teastaíonn uainn smaointeoireacht nua ar an ábhar seo. Teastaíonn uainn múinteoirí a bhfuil muinín acu múineadh trí Ghaeilge. Mar a dúirt an tAire, caithfimid na córais agus na cúrsaí a chur ann dóibh ionas go mbeadh na scileanna acu chun múineadh trí Ghaeilge. Tá na cúrsaí sin thar a bheith tábhachtach. Tá suirbhé déanta ag Conradh na Gaeilge dar teideal “Céard é an Scéal?”. Taispeánann torthaí an tsuirbhé go bhfuil ceisteanna ann do dhaoine atá chun an rogha sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.