Dáil debates

Tuesday, 4 March 2025

Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]

 

7:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le mo chomhghleacaí, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, a chur an rún seo os comhar na Dála inniu. Tapaím an deis seo agus muid i lár Seachtain na Gaeilge, plé a dhéanamh fosta ar chúrsaí Gaeltachta.

Tá sé náireach agus scannalach go bhfuilimid bliain ar aghaidh agus bord úr ag Údarás na Gaeltachta gan toghchán a bheith ann.

Le díriú isteach ar an rún cuimsitheach atá os comhair na Dála anocht, ba mhaith liom plé agus díriú isteach ar ábhar faoi leith, an scolaíocht sa Ghaeltacht agus an chaoi nach bhfuil deis ag páistí freastal ar scoil inar féidir leo a gcuid oideachais a fháil go huile agus go hiomlán i nGaeilge. Chualamar cuid de mo chomhghleacaithe ag caint fá dtaobh meánscoileanna atá taobh amuigh den Ghaeltacht, ach táimid ag caint ar an taobh istigh den Ghaeltacht. Níl achan scoil sa Ghaeltacht ag teagasc trí Ghaeilge agus má tá teaghlaigh ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge, níl an deis acu dul go dtí scoil eile mar níl an córas taistil nó córas iompair ansin. Caithfidh seo a bheith ina cheart, mar atá sa rún seo, go mbeidh córas iompair ansin do pháiste ar bith atá ag iarraidh a chuid scolaíochta agus oideachais i nGaeilge sa bhunscoil nó sa mheánscoil. Tá ceisteanna ansin.

Tá a fhios agam faoi scoil amháin. Scoil bheag atá ann. Níl mórán páistí acu agus tá seans ann go mbeidh ar an scoil druideadh, ach is í ceann de na scoileanna amháin sa cheantar atá ag feidhmiú go huile is go hiomlán i nGaeilge. Caithfear tacaíocht a thabhairt don scoil sin, le córas iompair a thabhairt do theaghlaigh lena gcuid páistí a thabhairt go dtí an scoil sin má tá siad ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Tá teaghlaigh eile ansin ag dul tríd an gcóras oideachais i nGaeilge sa bhunscoil, ach nuair a théann siad go dtí an meánscoil, níl siad ábalta dul go dtí meánscoil atá ag feidhmiú trí Ghaeilge mar tá an mheánscoil is cóngaraí dóibh ag feidhmiú trí Bhéarla. Tá cuid de na scoileanna sin taobh istigh den Ghaeltacht. Tá cuid eile taobh amuigh den Ghaeltacht. Arís, téann sé ar ais go dtí an pointe seo gur cheart go mbeidh ceart bhunreachtúil ag achan pháiste a chuid oideachais a dhéanamh i nGaeilge agus go gcaithfimid na hacmhainní a chur ar fáil. Seo rud iontach fóirsteanach a chuideodh go mór le tuismitheoirí, le páistí agus leis an earnáil Gaeilge dá mbeadh an t-iompar ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.