Dáil debates
Tuesday, 4 March 2025
Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]
7:10 pm
Donnchadh Ó Laoghaire (Cork South-Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Eadrainn go léir, is dóigh liom go bhfuil na canúintí go léir clúdaithe againn faoin am seo. Tréaslaím go mór leis an rún ar chuir an Teachta Ó Snodaigh os ár gcomhair. Tá go leor oibre déanta aige. Tugaim aitheantas do Eoghan ina oifig freisin atá tar éis as an-chuid oibre a dhéanamh ar na polasaithe go léir atá tar éis teacht as an oifig sin.
Tá na fadhbanna atá ann ó thaobh an Ghaeloideachais suntasach. Is ábhar mór frustrachais é, mar nuair a bhíonn daoine i gcoitinne ag caint go ginearálta faoin nGaeilge, faoin todhchaí agus conas atá rudaí, luann daoine an chaoi go bhfuil na Gaelscoileanna ag dul go maith, agus tá i go leor slite. Gluaiseacht fhíorthábhachtach le linn an 20ú haois a bhí i gceist. Tá fadhbanna, constaic agus go leor ábhar imní ann. Ó thaobh an Ghaeloideachais ach go háirithe, is gá cinnte a dhéanamh de go bhfuil polasaí ann ó na luathbhlianta go dtí an ollscoil. Tá sé sin fíorthábhachtach. Ó thaobh oideachas na Gaeilge go ginearálta taobh amuigh den Ghaeloideachas, caithfear déileáil leis na díolúintí. Níl ciall ná réasún leis an tslí a bhfuiltear á dtabhairt amach. Tá siad iomarcach ar fad, agus níl siad ag pleidhcíocht ach an oiread.
Ó thaobh foirgintí agus an saghas sin ruda, tá an-fhadhb againn ó thaobh cinnte a dhéanamh de go bhfuil go leor spásanna ann dos na daoine atá ag lorg oideachas trí mheán na Gaeilge. Caithfear déileáil leis sin. Tá gap mór ann, agus is ábhar bróin é roinnt den chaint a bhí ann maidir le haistriú na scoile i Synge Street agus gach rud. Léiríonn sé míthuiscint agus fadhb ó thaobh dearcadh. Caithfimid go léir teacht i dtír ar an meánscolaíocht i nGaeilge. Tá an tuairim sin ann go bhfuil sí róchasta agus tá míthuiscint ann faoi cad atá i gceist leis an tumoideachas sa taobh sin de agus an chonstaic atá ann ó thaobh tuismitheoirí de.
Is mian liom ceithre scoil a ardú leis an Aire agus seolfaidh mé ríomhphost chuici ina dtaobh. Beidh iarratas ag teacht go luath ó Choláiste Daibhéid i gCorcaigh. Tá gá le foirgneamh nua ansin. Cé gur foirgneamh nua atá ann i nGaelscoil Charraig Uí Leighin, tá go leor fadhbanna ó thaobh slándála agus é a choimeád tirim. Tá Gaelscoil ag teacht i gCloich na Coillte. Tá gá le meánscoil neamhspleách sa Chlár freisin.
No comments