Dáil debates
Tuesday, 4 March 2025
Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]
7:00 pm
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá a fhios againn go bhfuil deacrachtaí le múinteoirí a earcú agus a choinneáil sna scoileanna atá againn faoi láthair ach tá sé deich n-uaire níos measa agus muid ag caint ar an nGaeloideachas, agus deich n-uaire níos measa fós nuair atáimid ag caint ar an oideachas sa Ghaeltacht nó ar na hoileáin amach ón gcósta. Tá cúpla rud gur féidir linn a dhéanamh chun é sin a dhéanamh níos éasca. Ar an gcéad dul síos, caithfimid breathnú ar an máistir gairmiúil sa oideachas, MGO, atá ann in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair. Caithfimid a chinntiú gur féidir linn an cúrsa sin a leathnú amach, go mbeadh níos mó daoine in ann é a dhéanamh más mian leo é sin a dhéanamh, ach chomh maith leis sin go mbeadh MGO trí Ghaeilge in ollscoileanna éagsúla ar fud na tíre ionas go mbeadh níos mó múinteoirí á oiliúint againn trí mheán na Gaeilge.
Chomh maith leis sin, bhíodh liúntas ann do mhúinteoirí a bhí ag teagasc trí Ghaeilge agus a bhí ag obair ar na hoileáin amach ón gcósta. Is dhá rud é sin gur féidir linn a thabhairt ar ais. Dhéanfadh sé níos éasca é do na múinteoirí sin dul go dtí na hoileáin amach ón gcósta, mar shampla. Tá níos mó airgid i gceist le dul amach chuig na hoileáin agus fanacht orthu. Ba chóir an dá liúntas sin a thabhairt ar ais láithreach.
Bhí mise ag cruinniú poiblí ar an Domhnach de chuid BÁNÚ. An rud a bhí baill an ghrúpa sin ag caint air ná gur daoine óga iad siúd atá ag iarraidh fanacht sa Ghaeltacht. Nuair atáimid ag smaoineamh ar mhúinteoirí agus ar dhaoine óga a mhealladh chun na Gaeltachta, chun fanacht agus múineadh sa Ghaeltacht, caithfimid breathnú ar chuile shórt. Ciallaíonn sé sin gur ghá dúinn breathnú ar an liúntas sin a luaigh mé. Chabhródh sé sin. Ciallaíonn sé freisin go mbeadh scoileanna na ETBs ag fáil an airgid céanna is atá na scoileanna deonacha, rud a d’ardaigh mé cheana sa choiste Gaeilge agus Gaeltachta. Chomh maith leis sin, ciallaíonn sé go gcaithfimid a chinntiú go bhfuil tithíocht ar fáil sa nGaeltacht. Tá chuile shórt faoin nGaeltacht agus an Ghaeilge fite fúite leis an mbealach gur féidir le daoine óga fanacht sa nGaeltacht agus a gcuid clainne nó teaghlaigh féin a thógáil sa nGaeltacht. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tithíocht, bunsheirbhísí agus chuile shórt mar sin, ar fad bainteach leis seo.
Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an deis ag chuile dhuine a gcuid oideachas ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge. Tuigim an tábhacht leis sin mar is sa scoil a d’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge.
No comments