Dáil debates
Tuesday, 4 March 2025
Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]
7:00 pm
Darren O'Rourke (Meath East, Sinn Fein) | Oireachtas source
Mo bhuíochas leis an Teachta Ó Snodaigh as an rún seo a chur faoi bhráid na Dála. Tá mé ag labhairt mar urlabhraí oideachais mo pháirtí, ach níos tábhachtaí arís, tá mé ag labhairt mar thuismitheoir páistí ar mhaith liom go mbeadh oideachas trí mheán na Gaeilge acu. Teastaíonn an deis sin uaim do mo phaistí féin ach freisin do gach páiste.
l nDomhnach Seachnaill, áit a bhfuil cónaí orainn, tá an deis sin againn le Naíonra na Ríthe and Gaelscoil na Ríthe, fiú go raibh ar fhoireann, tuismitheoirí agus páistí an naíonra seo, m'iníon ceithre bliana ina measc, agóid a dhéanamh díreach ceithre sheachtain ó shin toisc gur bheag nár chur an ghéarchéim san earnáil luath-bhlianta brú ar an naíonra na huaireanta oscailte a laghdú. Bhí an t-ádh linn nár tharla sé seo, ach is léir go bhfuil na naíonraí lán-Ghaeilge go mór i mbaol. Mar fhreagra ar cheisteanna parlaiminte, dúirt an tAire leanaí go dtuigeann sí na dúshláin faoi leith atá ann agus go bhfuil grúpa comhairleach i mbun oibre chun plean cuimsitheach a fhoilsiú i mbliana. Ní féidir leis an obair sin tarlú tapa go leor agus, níos tábhachtaí fós agus cuirim béim air seo, go gcuirfí an plean i ngnímh.
Sa chaoi céanna, maidir le bunscoileanna, tá an t-ádh linn Gaelscoileanna iontacha a bheith again ach tá an iomarca áiteanna gan iad go fóill, Damhliag agus Ceanannas ina measc. Tá cúrsaí níos measa arís ag an dara leibhéal. Níl ach 79 Gaelcholáiste sa Stáit agus, go bhfios dom, níl ceann ar bith sa Mhí Thoir, ceantar an Aire féin. Is léir go bhfuil athrú bunúsach ag teastáil chun gur féidir le gach páiste a chuid oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge. Dúirt an tAire go bhfuil sí chun polasaí nua ar an nGaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht a fhoilsiú i mbliana.
Tá moltaí iontacha i rún Shinn Féin. Ba chóir don Aire glacadh leo.
No comments