Dáil debates
Tuesday, 4 March 2025
Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]
7:00 pm
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein) | Oireachtas source
Cén Béarla atá ar déjà vu? Cuirim an cheist seo toisc go raibh na príomhphointí pléite sa Teach seo as Gaeilge le déanaí faoin aistriúcháin ar "bréag", agus faoin easpa Gaeilge ag an gCeann Comhairle agus ag an Leas-Cheann Chomhairle. Ní hé sin an cineál cainte gur chóir a bheidh i mbéal an phobail maidir leis an nGaeilge áfach. Mar mhúinteoir roimhe seo i scoil lán-Ghaeilge i gCill Dara Theas, tá mé tar éis an fhorbairt atá tagtha ar an teanga ar fud fad na tíre a fheiceáil, go minic in ainneoin na n-iarrachtaí atá á dhéanamh ag an Rialtas. Mar sin féin, tá níos mó ag teastáil. Agus Kneecap ag spreagadh na Gaeil óga agus na daoine óga níos faide i gcéin, ní mór dúinn an deis a thabhairt dár bpáistí anseo sa bhaile ár dteanga a choinneáil beo agus tuilleadh daoine a spreagadh. I mo cheantar féin i gCill Dara, tá ardú tagtha ar an ndaonra agus ar an suim in oideachas trí Ghaeilge. Is é Naíonra Uí Shionnaigh an t-aon naíonra Gaelainne i mbaile Chill Dara atá ag cur seirbhís riachtanach agus thábhachtach ar fáil don phobal sa cheantar. Bunaithe in 2018 le 18, tá 33 páiste ag freastal ar an naíonra faoi láthair, agus níos mó ar liosta feitheamh atá ag iarraidh freastal air. Mar gheall ar an éileamh a bhí ar áiteanna sa naíonra, bhí orthu foirgnimh sealadach a fháil ar cíos. Tá líon na ndaoine ag cur isteach ar áiteanna sa naíonra ag ardú, ach nil na soláthraí cuí ag an scoil le tacú leis an éileamh seo. Tá foirgnimh nua ag teastáil ón naíonra. Cé gur ceadaíodh maoiniú ó Chomhairle Chontae Chill Dara in 2022, dhiúltaigh an Roinn Oideachais dó. Dhá bhliain ina dhiaidh, tugadh cead an foirgneamh a thógáil ar shuíomh difriúil. Cé gur nuacht iontach é sin, tá na costais ag dul in airde an t-am ar fad. D'fhógair an Roinn leanaí tuilleadh maoiniú le déanaí le cur leis na foirgnimh a bhí ann do seirbhísí poiblí agus príobháideacha, agus chun foirgnimh nua a thógáil do sheirbhísí poiblí. Faraor, ní thiteann an naíonra faoi cheachtar de na catagóirí sin, agus tá tacaíocht ag teastáil uaidh. Tá tuismitheoirí fud fad na tíre ag éileamh tuilleadh seirbhísí i nGaeilge, ach tá ag teipeadh ar an Rialtas seo, cosúil leis na rialtais a tháinig roimhe.
Tá deis tuillte ag páistí i mbaile Chill Dara freastal ar naíonra Gaeilge agus cabhrú leis an bpobal Gaeilge sa cheantar sin. Cé atá réidh le seasamh suas agus aghaidh a thabhairt ar an éileamh seo atá ag fás bliain i ndiaidh bliana? Tá tacú de dhíth agus é tuilte acu. An dtacóidh an Rialtas leo?
No comments