Dáil debates

Tuesday, 4 March 2025

Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]

 

6:50 pm

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an Ghaeilge fite fuaite lenár n-aitheantas mar náisiún agus mar phobal. Is teanga bhríomhar bheo í le stair ársa agus todhchaí geal. I mo chlann agus i mo phobal, is í an Ghaeilge ár dteanga laethúil, ár dteanga chumarsáide, ár dteanga tuisceana, ár dteanga ghrinn agus ár dteanga ghrá. Is fíor seo i ngach ceantar Gaeltachta agus, ar ndóigh, in an-chuid clann fud fad na hÉireann.

Is ceart bunúsach é an t-oideachas agus i gcomhthéacs na hÉireann, is ceart bunúsach é an t-oideachas lánGhaeilge ó luathbhlianta go dtí an ollscolaíocht. Tá an ceart bunúsach seo á shéanadh ag an Rialtas in ainneoin éilimh tuismitheoirí agus daltaí agus in ainneoin iarrachtaí múinteoirí, scoileanna agus gníomhaithe teanga. Thit líon na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lánGhaeilge sa tréimhse ina raibh sé geallta sa chlár Rialtais deireanach obair i dtreo an líon sin a dhúbailt. Tá 11 chontae sa Stát seo gan Ghaelcholáiste ar bith. Tá ganntanas múinteoirí san earnáil lánGhaeilge, le 50% de Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta gan a bheith in ann folúntais fadtéarmacha múinteoirí a líonadh i gcomparáid le 28% de bhunscoileanna Béarla.

Níl foirgneamh buan ag 39% de Ghaelscoileanna agus tá géarghá le spás sa bhreis ag mórmhór na scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge. Is lag an méid atá sa chlár Rialtais nua a d’aontaigh Fianna Fáil, Fine Gael agus na Neamhspleáchaí Lowry maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais, agus laghdú mór tagtha ar an méid a bhí geallta in 2020.

I nGaeltacht na nDéise, tá dhá bhunscoil, dhá naíonra, meánscoil amháin agus coláiste Gaeilge. Is í seo an t-aon Ghaeltacht sa tír ina raibh fás ar chainteoirí laethúla na Gaeilge le deich mbliana anuas. Tá éacht á dhéanamh ag an earnáil oideachais áitiúil i leith chur chun cinn na Gaeilge, ach tá scoileanna sa cheantar seo faoi bhrú i dtaobh mhaoiniú, spáis teoranta agus earcaíochta de. Cosúil le an-chuid scoileanna beaga agus tuaithe, tá Scoil Baile Mhic Airt sa tSean Phobal ag fulaingt de bharr polasaithe an Rialtais, go háirithe i dtaobh mhaoiniú agus an deontas caipitíochta. Tá an t-éileamh ar oideachas Gaeilge ag fás an t-am ar fad.

Tuigeann tuismitheoirí na buntáistí a bhaineann leis an nGaeloideachas agus tá brú ar naíonra, scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí freastal ar an éileamh seo in ainneoin spás a bheith teoranta. I bPort Láirge amháin, mar shampla, tá foirgnimh oiriúnacha de dhíth ag Naíonra Philib Barún sa Trá Mhór, agus breis spáis ag teastáil ó Scoil Gharbháin i nDún Garbhán, ó Ghaelscoil Phort Láirge sa chathair, agus ó Scoil Náisiúnta na Rinne i nGaeltacht na nDéise ach go háirithe. I nGaelcholáiste Phort Láirge, an t-aon mheánscoil Gaeilge i gcathair Phort Láirge, tá na daltaí fós i prefabs cé go bhfuil foirgnimh úrnua ag na scoileanna Béarla mórthimpeall orthu.

Bhí Pádraig Mac Piarais lárnach in athbheochan an Ghaeloideachais ón tús. Ba é sin ceann de na rudaí ba thábhachtaí, dar leis, in Éire neamhspleách agus bheadh sé maslaithe leis an méid atá tarlaithe agus atá fós le tarlú sa Stáit seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.