Dáil debates
Thursday, 11 July 2024
Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate
An Teanga Gaeilge
5:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Glacaim leis go bhfuil fáilte roimh theifigh, bíodh siad ag teacht ón Úcráin nó aon áit eile ar domhan a bhfuil cos ar bolg ar siúl inti. Ag an am céanna, níl aon cheist, má thagann mórchuid daoine nach bhfuil Gaeilge acu isteach i gceantar láidir Gaeltachta, go n-imreoidh sé tionchar ar an teanga. Is é sin an méid atá mé ag rá. Is é an t-aon rud a bhí mé ag iarraidh ná go ndéarfaí liom go ndéanfaí staidéar ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tionchar diúltach á oibriú ar an nGaeilge, agus má tá, céard atá muid dul a dhéanamh faoi? Ní mór dúinn fáil amach i dtosach báire cén tionchar atá leis an mórchuid daoine atá ag teacht isteach i lár na Gaeltachta, sna scoileanna go háirithe, ar an teanga agus ar shealbhú na teanga i measc na ndaoine gur as an áit iad. Má chruthaíonn an staidéar nach bhfuil aon tionchar ann, bíodh sé sin mar atá sé. Níl aon mhaith dúinn, áfach, teacht ar ais faoi cheann 20 bliain agus ag rá gur tháinig teacht na dteifeach go fíorsciobtha thart ar An gCeathrú Rua, mar shampla, agus nár dhearna muid tada faoi, nárbh fhiú gur fhiosraigh muid an raibh sé ag déanamh dochair nó, má bhí sé ag déanamh dochair, agus nárbh fhiú gur chuir muid iarracht isteach chun an dochar a chur amach agus an teanga a choinneáil.
Is é an t-aon rud atá mé ag iarraidh inniu ná go tionsclófar staidéar teangeolaíochta ar an tionchar atá sé seo ag imirt ar an teanga sa Ghaeltacht. Muna bhfuil aon drochthionchar á imirt, bíodh sé sin. Dá mbeadh eastát tithíochta tógtha ar An gCeathrú Rua gan aon srian teanga leis, bheadh an cheist céanna á hárdú inniu agam. Breathnaíonn sé dom, ó thaobh réasúnachta de, go mbeidh tionchar aige mar tá a fhios againn, is é sin, daoine ar nós mé féin a thóg clann le Gaeilge, go n-éiríonn an chomhbhá an-éasca go mór i measc gasúr, agus más é an Bhéarla an teanga coitianta, is sin a bheas in uachtar.
No comments