Dáil debates
Thursday, 11 July 2024
Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate
An Teanga Gaeilge
5:00 pm
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív. Bhí mé ag éisteacht go géar leis an méid a bhí a rá aige. Caithfidh mé a rá, i dtosach báire, agus tá a fhios ag an saol é seo, go bhfuil an fhreagracht maidir le soláthair lóistín d’iarrthóir ar chosaint idirnáisiúnta agus do theifigh ag an Roinn eile, is í sin, an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Mar is eol do chách, níl aon ról agam ina leith. Sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs na Gaeltachta, bhí plé teoranta ag oifigigh mo Roinne lena gcomhghleacaithe sa Roinn leanaí maidir le cásanna áirithe inar ardaíodh ceisteanna le mo Roinn maidir le lonnú iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus teifeach sa Ghaeltacht.
Is mian liom, thar ceann an Rialtais, aitheantas a thabhairt don tacaíocht atá tugtha ag pobail Ghaeltachta ar fud na tíre dóibh siúd atá tagtha go hÉireann ag lorg dídine. Cosúil go leor pobail timpeall na tíre, chuir siad fáilte roimh na daoine seo atá ag teacht isteach chuig a gcuid bailte agus sráidbhailte. Thug siad deiseanna oibre dóibh nó thacaigh siad leo leis an nGaeilge – agus leis an mBéarla, is dócha – a fhoghlaim inár gcuid scoileanna áitiúla, freisin. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Rialtas maidir le tithíocht a aimsiú dóibh siúd atá tagtha go hÉireann, níor éirigh linn spás a aimsiú do gach uile duine acu. Tá 2,300 duine fágtha gan dídean faoi láthair.
Tá cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge agus Achtanna na dTeangacha Oifigiúla luaite ag an Teachta Ó Cuív ina cheist. Maidir le dul chun cinn faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, d’fhógair mé le déanaí go raibh an chéad plean náisiúnta um seirbhísí poiblí Gaeilge curtha faoi mo bhráid ag an gcoiste comhairliúcháin sheirbhísí Gaeilge faoin spriocdháta reachtúil, an 19 Meitheamh 2024. Tuigim gur tháinig roinnt nithe suntasacha tríd an taighde don phlean náisiúnta sin agus beidh mé ag súil go mór le dul tríd sin go léir, mar aon le múnla agus moltaí an phlean ginearálta sa tréimhse gearr amach romhainn. Agus deis agam é a bhreithniú, cuirfear faoi bhráid an Rialtais é agus foilseofar é san fhómhair. I ngeall le forálacha an Achta, tá sé beartaithe go mbeidh an chéad próiseas comhairliúcháin a bhaineann leis na caighdeáin teanga don chéad Acht do comhlachtaí poiblí a reáchtáil go gairid ina dhiaidh sin. Tríd an obair seo go léir, táthar ag súil go gcuirfear le heispéireas Gaeilge an saoránaigh agus daoine eile agus go gcuirfidh sé ar chumas lucht labhartha Gaeilge an teanga a úsáid i ngach gné dá saol, agus iad ag plé leis an Stát, go háirithe.
Tá an próiseas pleanála teanga luaite chomh maith i gceist an Teachta. Tá an próiseas pleanála teanga a d’eascair as Acht na Gaeltachta, 2012 ag teacht faoi bhláth anois. Tá pleananna á gcur i bhfeidhm in gach ceann de na 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta agus i sciar maith de na bailte seirbhíse Gaeltachta. Tá na pobail Ghaeltachta seo dírithe go hiomlán faoi láthair ar chur i bhfeidhm a gcuid pleananna teanga, pleananna a chuirfidh i dtoll a chéile tar éis taighde cuimsitheach a bheith curtha i gcrích maidir le húsáid na Gaeilge i ngach limistéar pleanála teanga chomh maith le próiseas comhairliúcháin poiblí ar fud na Gaeltachta.
Tá na milliún euro in infheistíocht nua á gcur isteach i seirbhísí lárnacha atá á soláthar ag leithéidí Tuismitheoirí na Gaeltachta, Ealaíon na Gaeltachta agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Anuas air sin, ceadaíodh airgead suntasach d’Údarás na Gaeltachta le déanaí leis an bpróiseas pleanála teanga do na miondíoltóirí sa Ghaeltacht a leathnú amach, dream atá in ann tionchar dearfach a imirt ar nósmhaireacht teanga na bpobal Gaeltachta. Tá athbhreithniú ar bun ar an gcéad deich bplean teanga le tamall anuas agus tá an t-athbhreithniú ar tí a bheith críochnaithe anois.
Tá mé cinnte go bhfuil rudaí le foghlaim againn ón athbhreithniú. Tabharfaidh torthaí an athbhreithnithe deis dúinn an próiseas a mhúnlú do na blianta amach romhainn. Tá an t-eispéireas nua sa Ghaeltacht, freisin. Tá an Teachta Ó Cuív ag lua rudaí tábhachtacha. Tá daoine ag fáiltiú roimh theifigh, bíodh siad ón Úcráin nó ó thíortha eile. Níl aon dabht go bhfuil tionchar teanga ansin, bíodh sé an Ghaeilge nó Béarla atá i gceist. Caithfidh muid machnamh a dhéanamh ar cad atá ar siúl maidir leis an teanga, cén tacaíocht atáimid ag tabhairt do theifigh atá ag teacht isteach, agus cén sórt cosanta atá ansin don teanga, go háirithe an Ghaeilge.
No comments