Dáil debates

Thursday, 11 July 2024

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

An Teanga Gaeilge

4:50 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé go deas gur tháinig an tAire Stáit isteach. Is cuidiú mór é i ndéileáil leis an gceist seo. Mar is eol dó, tá líon mór teifeach ón Úcráin agus ó thíortha eile lonnaithe sa Ghaeltacht i láthair na huaire. Níl a fhios againn cén tionchar fadtéarmach a bheidh aige seo ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht. I gConamara, tá teifigh lonnaithe sa Spidéal, sa gCeathrú Rua, san Aird Mhór, atá gar go Carna, i gCarna féin agus ar a bhóithre, áiteanna a bhfuil scoileanna lán-Ghaelach atá páirteach i scéim na scoileanna Gaeilge de chuid an pholasaí oideachais Ghaeltachta. Thug mé an cheist seo trí cheist pharlaiminte i dtosach báire. Chuir mé ceist ar Roinn an Aire Stáit agus fuair mé an freagra seo:

Is ceist don Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Imeasctha í lóistín a sholáthar d’Iarrthóir ar Chosaint Idirnáisiúnta agus do theifigh agus níl aon ról ag mo Roinn staidéar dá leithéid a dhéanamh.

Is éard a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ná fáil amach an bhfuil tionchar diúltach aige seo ar staid na teanga. Nuair a diúltaíodh do mo cheist agus nuair a iarradh orm dul go siopa eile, chuaigh mé go siopa eile. Chuir mé an cheist ar an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Imeasctha. Ba é an cheist chéanna a bhí ann, is é sin, an bhfuil i gceist ag an Aire staidéar teangeolaíochta a dhéanamh ar an tionchar ó thaobh na teanga de a d’fhéadfadh a bheith ag lonnú teifeach ón Úcráin agus tíortha eile i nGaeltachtaí láidre i bhfianaise na hoibre ar fad atá ar bun maidir le pleanáil teanga sa Ghaeltacht agus an fhreagracht tras-rialtas atá ag Ranna maidir le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. Ba é an freagra a fuair mé ón gCeann Comhairle ná nach bhfuil aon fhreagracht oifigiúil ag an Aire don Dáil maidir leis an ábhar seo gur ábhar é a bhaineann leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Bhí mé ag dul timpeall i gciorcail. Caithfidh go bhfuil freagracht ag daoine éigin as seo. Táimid ag caitheamh go leor airgid ar an nGaeilge. Mar a deirim, níl mé ag iarraidh ar éinne aon chinneadh a dhéanamh ach staidéar a dhéanamh ar an tionchar ar an teanga.

Tá go leor ar bun leis an nGaeilge a chur chun cinn. Ba cheann de na rudaí is mó a rinneadh thart ar 20 bliain ó shin ná srianta a chur ar thithíocht sa Ghaeltacht, go mórmhór ar thógáil eastáit tithíochta.

Cén fáth? Mar bhí faitíos orainn ag an am, dá dtiocfadh go leor daoine gan Ghaeilge sa Ghaeltacht, go dtiontódh na scoileanna agus an pobal ar an mBéarla. Is í sin an fhadhb atá anseo. I gcroílár na Gaeltachta, tá lear mór daoine tagtha isteach agus, rud atá aisteach go leor, cé go bhfuil tacaíocht teanga á dtabhairt dóibh leis an mBéarla a fhoghlaim, agus níl fadhb ar bith agam leis sin mar caithfidh chuile dhuine Béarla a fhoghlaim - tá sé riachtanach sa saol seo, níl aon rud déanta, áfach, agus muid i mbun pleanála teanga, le déileáil leis an dúshlán nua seo. Mar sin, is í an cheist atá agam ná an bhfuil muid sásta, ar an gcéad dul síos, staidéar a dhéanamh ar an tionchar ar an teanga a fhéadfadh a bheith leis an bpolasaí chun teifigh a lonnú sa Ghaeltacht. Ag brath ar an toradh air sin, cad is féidir linn a dhéanamh leis an dochar sin – má tá sé diúltach - a mhaolú nó a chur ar neamhní ar fad?

Is dóigh liom gur ceist réasúnta í. Is ceist í, dar liom, ó tharla go mbreathnaíonn sé go mbeidh teifigh lonnaithe go buan sa Ghaeltacht, ar fiú a chíoradh go mion agus rud éigin a dhéanamh faoi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.