Dáil debates
Thursday, 11 July 2024
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Second Stage
3:10 pm
Rose Conway-Walsh (Mayo, Sinn Fein) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Bhille. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta de thoradh gluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta sna 1960idí agus 1970idí nuair a throid pobail Ghaeltachta chun guth a bheith acu ina bhforbairt féin trí thoghcháin díreacha. Ó tharla na toghcháin deireanacha in 2005, chuir Fianna Fáil na toghcháin ar athló agus fuair Fine Gael agus an Lucht Oibre réidh leo go hiomlán, ag cur ceapacháin an Aire agus na gcomhairle contae ina n-áit.
A bhuí le gníomhaíocht an phobail, agus freasúra éifeachtach Shinn Féin ag cur Billí chun cinn sa Dáil agus sa tSeanaid chun toghcháin daonlathach a thabhairt ar ais, tá an Rialtas tar éis géilleadh. Is céim chun cúl atá sa mhúnla molta i gcomparáid leis na toghcháin mar a bhí, áfach.
Tá sé i gceist acu líon suíochán Mhaigh Eo a laghdú ón mbeirt ionadaithe tofa a bhí ag an gcontae in 2005 go duine amháin i dtoghcháin na bliana seo chugainn, fad is a dtiocfaidh dúbailt ar cheapacháin an Aire ó thriúr in 2005 go seisear anois, ag tabhairt cuid Mhic Craith den fhia dóibh ar thionól a bhí ceaptha a bheith daonlathach ag déanamh ionadaíocht thar cheann an phobail.
Is í an cheist atá agamsa ná seo: an ndéanfaidh an bord nua ionadaíocht thar cheann na bpobal Gaeltachta nó thar cheann an Aire? In ainneoin go bhfuil 10% de dhaonra iomlán na Gaeltachta ag Maigh Eo, ní bheidh ach 6% de na suíocháin aige chun spás a chruthú do cheapacháin an Aire. Tá an éagóir soiléir do chách go háirithe i gcás Ghaeltacht iarthar Mhaigh Eo, timpeall Oileán Acla, áit atá scartha go hiomlán ón gcuid eile de Ghaeltacht Mhaigh Eo go tíreolaíoch. Tá daonra i bhfad níos mó - 7,199 - ag tuaisceart Mhaigh Eo, a chuimsíonn Iorras agus Ceathrú Thaidhg, agus beidh an lámh in uachtar acu i dtoghcháin don aon suíochán amháin atá ag Maigh Eo. D’fheadfadh go mbeidh iarthar Mhaigh Eo fágtha gan ionadaíocht ar bith cé go bhfuil daonra 2,141 aige, daonra atá níos mó ná pobail Gaeltachta na nDéise le 1,816 duine, nó na Mí le 1,857 duine.
Seachas líon suíochán a tharraingt amach as an aer, mar atá déanta ag an Rialtas is cosúil, tá urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, tar éis plean malartach a fhorbairt i gcomhar lenár n-ionadaithe áitiúla fud fad na gceantar Gaeltachta, plean a dháilfeadh suíocháin ar thoghcheantair de réir daonra agus a chinnteodh ionadaí ar leith do gach ceantar Gaeltachta atá scartha amach go tíreolaíoch ann féin, fad is a choimeádtar ceantair béal dorais ar nós Chorr na Móna agus Thuar Mhic Éadaigh le chéile sa toghcheantar céanna. Bheadh suíochán top-up i gceist freisin do gach contae seachas Gaillimh chun dul i ngleic leis an daonra. Bheadh trí suíocháin ar an iomlán ag Maigh Eo mar sin, ceann amháin sa bhreis ar a bhí aige in 2005, agus dhá suíochán sa bhreis ar dhrochmhúnla Fhianna Fáil-Fhine Gael-na nGlasach. Dhéanfaí dáileadh orthu le dhá suíocháin do thuaisceart Mhaigh Eo, agus aon suíochán ar leith d'iarthar Mhaigh Eo, ag cinntiú go mbeadh guth ag an dá réigiúin, agus vótálfadh deisceart Mhaigh Eo mar chuid de thoghcheantar sé-suíocháin Chonamara.
No comments