Dáil debates

Thursday, 11 July 2024

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Second Stage

 

3:20 pm

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Ar dtús, ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt do na hoifigigh ón Roinn agus go mór mór don Teachta Aonghus Ó Snodaigh agus do na daoine eile atá ar an gcomhchoiste, daoine cosúil leis na Teachtaí Connolly, Ó Cuív, agus Ó Murchú.

Tá a lán oibre á déanamh ag daoine i gCiarraí ar son na teanga. Is iad sin daoine cosúil le Páidí Ó Sé agus a fhoireann ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne; Treasa Ní Mhainnín in Oidhreacht Chorca Dhuibhne; Orlaith Ruiséal i Tús Maith; na clubanna spóirt, caide, peile agus rugbaí; na hoifigigh pleanála teanga Rút Ní Mhurchú sa Daingean, Barra Ó Siochrú atá ann tar éis John Prendergast agus Victor Bayda, in Uíbh Ráthach. Chomh maith leis sin tá Bláithín Nic a' tSíthigh in Aontas Mac Léinn na hÉireann agus gach éinne i Raidió na Gaeltachta.

Tá dúshlán againn, ámh, leis an teanga i gCiarraí. Tugaim fáilte don Bhille seo anois i ndiaidh ár nglaoch i Sinn Féin agus glaoch an Teachta Uí Snodaigh chun toghchán a chur ar ais inár mBille 2018. Is é an tuairim atá sa Bhille seo ná na toghcháin a thabhairt ar ais go dtí bord le 16 duine, le deichniúr a bheith tofa agus seisear roghnaithe ag an Aire. Tá díomá orm mar gheall air sin mar ní bheidh ach suíochán amháin i gCiarraí, leath den uimhir a bhí againn in 2005. Ní bheidh éinne in Uíbh Ráthach i gCiarraí theas. Dúramar gur chóir go mbeadh dhá dháilcheantar i gCiarraí agus trí shuíochán iomlán ann, dhá shuíochán sa leithinis i gCorca Dhuibhne agus suíochán amháin in Uíbh Ráthach.

Is é Údarás na Gaeltachta an príomhchomhlacht forbartha don Ghaeltacht atá ag iarraidh tionscal a mhealladh go dtí an Ghaeltacht chun fostaíocht a thosú, ag tacaíocht le forbairt sa phobal, agus ag obair chun an córas pleanála teanga a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta. Tá siad ann chun forbairt agus guth láidir a thabhairt don phobal chomh maith. Chomh maith leis sin, deir an Bille mbeidh cumhacht ag an údarás chun talamh a dhíol d’údarás tithíochta nó do approved housing body ach tá gá le níos mó cumhachta agus tá sé sin riachtanach. Deir Conradh na Gaeilge agus an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga go mbeadh an t-údarás in ann feidhmiú as féin ar fhorbairt tithíochta le foráil sa bhreis a bheith curtha leis an mBille chun leathnú fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta a chur i gcrích, feidhmeanna tithíochta go háirithe. Mar is eol do chách, tá fadhb mhór againn le tithíocht sa Ghaeltacht mar níl daoine ón gceantar in ann cónaí ann. Ba chóir go mbeadh níos mó cumhachtaí ag an údarás chun scéimeanna tithíochta nó suíomhanna seirbhíse a bhunú chun an Ghaeilge a choimeád beo. Tá an Ghaeilge beo in áiteanna in Éirinn, go mór mór i dTuaisceart na hÉireann ach tá sí faoi bhrú sna Gaeltachtaí. Tá deis nach beag ann leis an mBille seo feidhmeanna tithíochta soiléire a thabhairt don údarás a rachaidh chun leasa phobal na Gaeltachta, pobal atá ag fulaingt go mór faoin údarás pleanála teanga.

Sa chomhchoiste, agus bhí mé ann cúpla bliain ó shin, bhí 22 moladh ann ach in ainneoin sin níl ach ceithre de na moltaí sa Bhille seo. Cuirim fáilte roimh an mBille ach beidh mé cúramach le leasuithe chun níos mó cumhachtaí a thabhairt don údarás, don phobal, don Ghaeltacht agus don teanga. Gabhaim buíochas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.