Dáil debates
Thursday, 11 July 2024
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Second Stage
3:10 pm
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
-----an dáta do na toghcháin.
Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil sé seo ag tarlú mar ba bhuille é i dtéarmaí daonlathais na Gaeltachta. Cuirim fáilte roimhe sin. Ar ndóigh, tá cúpla rud gur mhaith liom a lua. Cé nach suím ar an gcomhchoiste Gaeilge, tuigim go raibh tuairimí ag an gcoiste mar gheall orthu. Is mór an trua nár éisteadh le cuid den mhéid a bhí ráite ag an gcoiste maidir leis an mBille seo. D’fhoilsigh mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, roinnt moltaí freisin, go háirithe maidir le líon na ndaoine a thoghtar sna ceantair éagsúla. Ón méid atá feicthe agam sa Bhille anois, beidh Gaillimh fágtha le leath na suíochán a bhí aige nuair a bhí an toghchán deireanach ann in 2005. Cé go bhfuil os cionn 50% de dhaonra na Gaeltachta i nGaillimh, ní bheidh ach 19% den ionadaíocht aige.
Chomh maith leis sin, ní bheidh ionadaíocht dhíreach do na hoileáin ach an oiread. Sa phíosa seo a d’fhoilsigh mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, deir sé go gcaithfimid breathnú ar an bhfadhb do na hoileáin agus go raibh sé seo mar dheacracht sna toghcháin deireanacha don údarás. Tá an bealach inar féidir breathnú air sin, chun cinntiú go bhfuil ionadaíocht de chineál éigin ag na hoileáin, leagtha amach go cruinn aige. Is é ceann de na rudaí a deir sé ná nach mbeadh sé praiticiúil na hoileáin go léir a tharraingt faoi scáth toghcheantar oileánda amháin a bheadh scaipthe ó Oileán Thoraí i dTír Chonaill chomh fada le hOileán Chléire i gContae Chorcaí. Is fiú a rá freisin go mbeadh móramh buan ag Oileáin Árann, rud a neamhneodh aon bhuntáiste do na hoileáin eile páirt a ghlacadh sna toghcháin mar seo. Ós rud é go bhfuil nasc daingean ag na hoileán leis na ceantair intíre sna chontaetha ina bhfuil siad lonnaithe, ba chóir go mbeadh na gcomhaltaí ina contaetha mar ionadaithe acu freisin. Mar sin, molann Sinn Féin go mbeadh dhá vóta ag muintir na n-oileán: vóta amháin sa toghcheantar ina bhfuil an t-oileán lonnaithe chun comhalta boird a thoghadh agus vóta eile chun ionadaí don oileán sin a thoghadh ionas go mbeidh cothrom na Féinne ann agus guth a chinntiú do gach oileán. Is é sin a bhí molta ag Sinn Féin ag an am.
Tá daoine beagáinín faiteach faoi líon na mban a bheidh ar an mbord. Caithfidh muid cinntiú go mbeidh daoine ó cheantair éagsúla chomh maith le hinscní difriúla ar an mbord. Ciallaíonn sé sin go mbeidh mná ann freisin.
Chomh maith leis sin, caithfidh muid a chinntiú go bhfuil ról láidir ag an údarás maidir le cúrsaí tithíochta. Is dócha go mbeidh sé seo á phlé ag an gcoiste freisin. Tá Conradh na Gaeilge sách láidir faoi seo. Cé go bhfuil sé go maith go bhfuil na toghcháin seo ag teacht ar ais – tá súil agam go mbeidh siad ar siúl láithreach – má tá muid ag iarraidh go mbeidh an Ghaeltacht láidir agus go mbeidh daoine in ann fanacht sa Ghaeltacht, caithfidh poist, infreastruchtúr agus tithíocht a bheith inti.
No comments