Dáil debates
Thursday, 30 May 2024
Ceisteanna Eile - Other Questions
Cúrsaí Tithíochta
9:40 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta Connolly as ceist na dtreoirlínte a ardú. Gealladh iad seo dúinn breis is dhá bhliain ó shín. Níos luaithe i mbliana, dúradh linn go raibh siad críochnaithe agus go mbeadh siad foilsithe. Níl iontu ach dréacht. Dúradh linn gur dréacht atá iontu agus go mbeadh siad ag dul amach do chomhairliúcháin, rud nach raibh i gceist ar dtús báire. Is í an cheist atá agam ná cá bhfuil siad? Nuair a chuirtear an cheist ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta Darragh O’Brien, deir sé agus a Roinn go bhfuil an locht ar Roinn an Aire Stáit agus gur ón Roinn sin atá an mhoill ag teacht. Deirtear ina dhiaidh sin go bhfuil gach rud ceartaithe anois. Is é an stad is déanaí, de réir na Roinne tithíochta, ná go bhfuil an locht ar Roinn an Aire Stáit. An bhfuil na dréacht-treoirlínte chomh dona sin nach bhfuil siad sásta iad a fhoilsiú ag an stad seo? An bhfeicfidh muid choíche iad nó roimh theacht an tsamhraidh? Tá sé go dona go bhfuil daoine ag fanacht ar rud nach bhfeicfidh siad agus go bhfuil siad anois in ainm is a bheith ag dul amach le haghaidh comhairliúcháin.
No comments