Dáil debates
Thursday, 30 May 2024
Ceisteanna Eile - Other Questions
Cúrsaí Tithíochta
9:40 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá muid ag súil leis an tríú rúnda Fatima, freisin. Tá muid ag fanacht agus ag fanacht agus tá sé ag éirí i bhfad níos deacra dul taobh amuigh den Dáil agus éisteacht leis an rud atá á rá acu. Ceapann siad nach bhfuil rud á dhéanamh againn.
Chun é a ardú os comhar na Dála arís, tá mé i mo bhall den chomhchoiste Gaeilge, ar a bhfuil an Teachta Ó Snodaigh mar Chathaoirleach, agus bhí na córais áitiúla os ár gcomhair ó Ghaillimh, Maigh Eo agus ó gach contae ina bhfuil Gaeltacht. Bhí se soiléir go bhfuil easpa tuisceana iomláine ó thaobh cúrsaí Gaeilge de. Ní raibh tuiscint ar bith acu. Nuair a luann an tAire Stáit go gcaithfidh muid cur san áireamh go bhfuil forálacha san Acht Pleanála agus Forbartha, 2000, tá an ceart aige ach níl tuiscint ar bith ann. Níl a dhóthain foirne nó tá rud in easnamh mar ta géarchéim tithíochta i gceist sna Gaeltachtaí uilig. Tá a fhios ag an Aire Stáit sin. Is é an rud atá a dhéanamh agam anseo, seachtain i ndiaidh na seachtaine, ná solas a dhíriú agus brú a chur ar an Rialtas rud a dhéanamh agus beart a dhéanamh. Ba mhaith linn oibriú as lámha a chéile ó thaobh na teanga de agus ó thaobh na nGaeltachtaí atá inmharthana.
No comments