Dáil debates

Thursday, 30 May 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Cúrsaí Tithíochta

9:40 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá arís go bhfuil oifigigh ón dá Roinn i mbun idirchaidrimh. Maidir leis an ábhar seo, tá siad ag iarraidh an obair sin a chur chun críche chomh luath agus is féidir. Tá me ag rá anseo go bhfuil an obair seo práinneach agus go gcaithfidh muid déileáil léi. Tá géarchéim thithíochta sa tír seo. Tá an-obair á déanamh ag an Rialtas maidir leis an ngéarchéim sin ar fud na tíre ach admhaím agus aithním go bhfuil tréithe faoi leith sa Ghaeltacht maidir le cúrsaí teanga. Is é mo thoil ná go bhfoilseofar na treoirlínte agus go gcríochnófar an obair chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.