Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:30 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, díreoidh mé isteach ar chúpla rud dearfacha atá ag teacht chun cinn ó thaobh cúrsaí teanga de, ina measc an obair mhór atá ar siúl ag na hoifigigh pleanála teanga agus iad ag díriú isteach ar thorthaí ar leith. Dár ndóigh, tá an t-ádh linn go bhfuil Eibhlín Ní Lionaird tosnaithe linn i gceantar Mhúscraí agus go bhfuil an-obair á dhéanamh aici. Tá oifigigh cosúil léi ar fud na tíre ag déanamh an-obair.

Tá dúshláin ann maidir le cúrsaí teanga a thabhairt chun cinn. Tá sé luaite go minic againn sa choiste Gaelainne go bhfuil deacrachtaí i gceist maidir le soláthar múinteoirí atá ábalta an teanga a chur os comhar glúnta eile agus í a thabhairt chun cinn. Luadh cúpla nóiméid ó shin sa choiste an t-éileamh atá ar mhúinteoirí agus an gá atá ann go mbeadh siad ar ardchaighdeán. Dár ndóigh, tá gá chomh maith le straitéis iomlán don Ghaelainn sa chóras oideachais ón naíonra go dtí an bunscoil, an meánscoil agus ar aghaidh. Ba cheart go mbeadh straitéis cinnte ann. Tá roinnt mhaith cainte déanta air sin le fada agus tá sé in am brú ar aghaidh agus é sin a chur i gcrích más féidir.

Rud amháin eile dearfach gur mhaith liom aird a tharraingt air ná an fuinneamh agus an dea-thoil a bhíonn ann i gcónaí maidir leis an teanga. Tá sé sin le feiscint faoi láthair thíos sa choiste Gaelainne, áit a ina bhfuil glúin nua daltaí tagtha chun ábhair a phlé go flúirseach. Teastaíonn uaim aird a tharraingt ar an ndea-scéal sin chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.