Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:30 pm

Photo of Brian LeddinBrian Leddin (Limerick City, Green Party) | Oireachtas source

Ag an am seo gach bliain, cuirim romham cúpla rud a rá faoi Sheachtain na Gaeilge. Sna blianta roimhe seo, labhair mé go díreach ar ábhair a bhain leis an nGaeilge í féin, ach anuraidh bheartaigh mé cur síos a dhéanamh ar mo chuid oibre trí Ghaeilge. Is innealtóir mé a ceapadh mar chomhairleoir tar éis toghcháin don rialtas áitiúil i gcathair Luimnigh. Ansin in 2020, chuir muintir mo chontae féin muinín ionam tríd an mbosca ballóide, agus dá bhrí sin tá sé de phribhléid agam labhairt inniu sa Teach seo mar Theachta Dála do Chathair Luimnigh. Mar thoradh ar mo thuras foghlama, bhain mé céim mháistreachta amach a bhaineann leis an bhfuinneamh glas agus díríonn m’obair san Oireachtas go minic ar an bhfuinneamh mar aon le cúrsaí iompair.

Athraíonn an Ghaeilge a húsáidtear le cur síos a dhéanamh ar an gcóras fuinnimh mar aon leis na córais iompair agus geilleagair. Tarlaíonn sé seo ionas go mbeadh teanga atá sean in ann cur síos a dhéanamh ar rudaí nua. Tarlaíonn sé seo le gach teanga dar ndóigh. Le ceithre bliana anuas tá dul chun cinn stairiúil déanta in Éirinn chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Feictear téarmaí ar nós na tuirbíní gaoithe, na painéil ghréine agus an bhithéagsúlacht ar an Idirlíon agus cloistear na téarmaí ar nós an inbhuanaitheacht, an geilleagar ciorclach agus athbhunú an nádúir ar an raidió agus ar TG4, dar ndóigh. Is cinnte go bhfuil áit lárnach faighte ag na téarmaí seo i mbéal an phobail.

Inniu, áfach, tá sé tráthúil domsa labhairt i nGaeilge faoi ócáid stairiúil a bhaineann le mo cheantar féin. An tseachtain seo, síneofar píosa stairiúil reachtaíochta san Áras ag an Uachtarán Ó hUiginn. Is é seo An Bille Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh), 2023. Tá sé seo ag tarlú tar éis blianta d’fheachtasaíochta agus obair na gcapall déanta ag na páirtithe leasmhara éagsúla. Bhí an tAire agus oifigigh a Roinne, mar aon le mo chomhghleacaithe i dTithe an Oireachtais, i mbun oibre crua anseo. Ba mhaith liom an tAire Stáit, an Teachta O'Donnell, a mholadh as an stiúradh a rinne sé ar an reachtaíocht nuair a bhí sí faoina chúram sa Roinn seo. Teastaíonn uaim freisin moladh a thabhairt dá réamhtheachtaithe, na hAirí Stáit, an Teachta Peadar de Búrca, agus roimhe sin, an Teachta John Paul Phelan, a chuir an reachtaíocht chun cinn go mór. Anuas air seo caithfidh mé creidiúint a thabhairt don Teachta Quinlivan as na hiarrachtaí a rinne sé agus é ag comhlíonadh a fheidhm i gceart mar Teachta Freasúra do Luimneach. Tá páirtithe leasmhara seachtracha ann a bhrúigh go mór agus a chabhraigh le múnlú na reachtaíochta seo. Ná déanaimis dearmad orthu siúd a chuaigh i mbun feachtais i gceart sa bhliain 2019. Ba mhaith liom creidiúint a thabhairt freisin don Seanadóir Maria Byrne as an slacht a chuir sí ar an iarracht sin.

Tuigimid go n-athraíonn an stair faoi thionchar daoine agus faoi thionchar eachtraí. Tháinig an dá rud le chéile nuair a bheartaigh pobal Luimnigh glacadh le prionsabal méara dírthofa cé gur diúltaíodh don tuairim i gCorcaigh agus i bpobalbhreith eile i bPort Láirge. In 2019, thapaigh muintir Luimnigh an deis chun méara a roghnú ó liosta agus chun é sin a dhéanamh tríd an mbosca ballóide. I gceann ráithe nó mar sin, i mí an Mheithimh, déanfar an rogha seo don chéad uair in aon áit ar an oileán agus déanfar i Luimneach é. Ní hé seo an chéad uair a bhí Luimneach chun tosaigh ar an slua. Táim dóchasach go mbeidh lá stairiúil eile againn i Luimneach nuair a fhilleann an fhoireann iomána abhaile tar éis samhradh fada ar an bpáirc imeartha.

Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh go bhfuil cónaí orainn i dtír óg ach is tír iontach rathúil í freisin. Cuireann an córas rialtais áitiúil go mór le rathúlacht na tíre agus tá moladh mór tuillte ag daoine de gach taobh a d’oibrigh mar chomhairleoirí cathrach agus contae ar feadh na mblianta trasna na tíre. Chuidigh siad le tógáil na Poblachta. Tá moladh mór tuillte acu siúd a oibríonn agus a d’oibrigh sa chóras rialtais áitiúil. Níor cheart go mbreathnófaí ar an leasú seo ar rialtas áitiúil mar rud a thógann ón seanchóras. Is éabhlóid dhearfach í seo agus is rud é a chuireann leis an gcóras atá againn. Is bóthar fada é ach d’oibrigh an Rialtas in éineacht le lucht an Fhreasúra go han-mhaith. Táimid ar tí anois an beart a chur i gcrích. Ciallaíonn sé seo go bhfuil toghchóras sa bhreis i bhfeidhm i Luimneach agus méara á roghnú ag an bpobal sa chontae sin.

Mar is eol do dhaoine, is iarrthóir mé sa rás seo. Níl sé ar intinn agam an t-ardán seo a úsáid chun abhcóide a dhéanamh ar mo shon féin ach ba mhaith liom daoine trasna na tíre a chur ar an eolas go bhfuil iarrthóirí eile tar éis dul isteach sa rás ón tseachtain seo caite, agus mar sin go mbeidh comórtas ceart againn. Táim den tuairim go bhfuil iarrthóirí maithe ann agus measaim go tiocfaidh níos mó daoine isteach sa rás sár i bhfad. Is iarrthóirí iad siúd ar fad a d’fhógair go bhfuil suim acu sa phost. Léiríonn an tsuim atá acu san oifig an fiúntas a bhaineann leis an reachtaíocht nua seo. Táimid ag plé le toghchán tábhachtach agus muid ag caint faoi thoghchán do mhéara Luimnigh. Tá súil agam go rachaidh daoine i ngleic leis an gcomhrá anseo agus go mbeidh díospóireacht dhearfach acu faoi na deiseanna a chuireann an post seo ar fáil do mhuintir Luimnigh. Ba chóir go mbeadh sé ina ábhar bróid dúinn go bhfuil an deis seo á thapú againn i gcontae Luimnigh. I mí an Mheithimh, toghfar méara díreach ag Luimneach don chéad uair. Beidh an duine seo ar an gcéad mhéara i stair na hÉireann tofa go díreach ag na daoine agus, mar sin, beidh sé nó sí ag teacht isteach san oifig nua le beannacht ón bpobal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.