Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:30 pm

Photo of Carol NolanCarol Nolan (Laois-Offaly, Independent) | Oireachtas source

Tá áthas orm an deis seo a fháil chun ráiteas a dhéanamh maidir leis an nGaeilge. Ar dtús, gabhaim buíochas leis na heagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge atá ag déanamh sárobair chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo.

Tá TG4 ag déanamh obair den chéad scoth chomh maith. Tá an Ghaeilge ag éirí i bhfad níos láidre ná mar a bhí sí 20 bliain ó shin. Tá sé dearfach é sin a fheiceáil. Tá na múinteoirí atá againn inár nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fud na tíre ag déanamh sároibre chomh maith. Tá sé sin fíorthábhachtach.

Tá bearnaí fós ann, áfach, agus caithfimid díriú isteach orthu. Tá fadhbanna ag baint le gach uile pholasaí agus gach uile reachtaíocht ach, ó thaobh na Gaeilge, ba chóir go mbeidh plean éigin ann maidir le Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a fhorbairt ar fud na tíre. Sa Bhreatain Bheag, tá spriocanna leagtha amach ag an Rialtas chun líon na scoileanna Breatnaise a ardú. Caithfimid sa Stát seo spriocanna láidre a leagadh amach agus ár seacht ndícheall a dhéanamh chun líon na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí a ardú. Mar is eol dúinn go léir, tá éileamh láidir ann ar oideachas trí Ghaeilge ach níl go leor Gaelcholáistí ann. Is rud iontach go bhfuil go leor Gaelscoileanna ann ach níl go leor Gaelcholáistí ann agus, ar mhaithe le leanúnachas, caithfimid é sin a chur ina cheart.

Tá géarchéim ann maidir le ganntanas múinteoirí. Tá sé thar a bheith tábhachtach do Ghaelscoileanna a bheith in ann múinteoirí ionaid a fháil i gcomhair lá nó dhó ó am go ham. Bíonn deacrachtaí ann, áfach. Tá an fhadhb sin againn. Caithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh plean éigin a chur le chéile chun a bheith cinnte go bhfuil caighdeán ard Gaeilge i ngach coláiste traenála agus go bhfuil na múinteoirí ullamh le dul isteach i nGaelscoileanna agus sásta é sin a dhéanamh. Fágfaidh mé mar sin é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.