Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:10 pm

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Coicís ó shin, bhuaileamar le mic léinn taobh amuigh de na geataí anseo. Bhuaileamar le Bláithín Nic a' tSithigh agus a comhghleacaithe in Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Bhí siad i mbun agóide taobh amuigh de Theach Laighean mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a choinneáil beo laistigh de pholasaí tithíochta na Gaeltachta. Tá a lán teaghlach le Gaeilge ag fágáil ceantair Ghaeltachta toisc nach bhfuil siad in ann tithe a cheannach nó a thógáil iontu. Tá géarghá leis na treoirlínte pleanála Gaeltachta, ar a bhfuilimid ag fanacht le blianta anois. D’fhoilsigh Sinn Féin polasaí tithíochta agus pleanála chun aghaidh a thabhairt air seo. Tá breis agus 150 leasú curtha isteach againn ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2023, chun pobail Ghaeltachta a chosaint sa phleanáil. Inniu, bhuaileamar le duine ón údarás. Tá a fhios agam go bhfuil plean píolótach ag an údarás ó thaobh cead pleanála i nGaeltacht na Rinne agus in áiteanna eile. Tá súil agam go mbeidh leasú ar an bplean maidir le cead pleanála i gCiarraí foilsithe sa todhchaí.

Ó thaobh eacnamaíochta de, tá cúpla bealach ina gcoimeádtar an Ghaeltacht féin beo. Tá Gaelscoileanna ann agus tugaim tacaíocht don agóid chun Gaelcholáiste breise a bhunú i mBaile Átha Cliath taobh ó dheas d’Abhainn na Life,

Tá pacáiste tarrthála molta ag Sinn Féin d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeltachta agus tá géarghá leis seo i gCiarraí chomh maith.

Ceann de na príomhbhealaí ina leantar le saol na teanga a thabhairt slán ná trí na healaíona. Trí thiomantas daoine paiseanta, bunaíodh Siamsa Tíre breis is 50 bliain ó shin mar amharclann náisiúnta bhéaloideas na hÉireann. Reáchtálann sé léiriúcháin i nGaeilge agus i mBéarla, ag moladh scéalaíochta, amhránaíochta, rince agus drámaíochta. Chomh maith leis an ionad ealaíne féin atá suite i gcroílár Thrá Lí agus a tharraingíonn líon mór turasóirí do mhuintir na háite, tá dhá ionad traenála i bhFionnúig i dtuaisceart Chiarraí ina bhfuil béim ar an rince, i gCorca Dhuibhne chomh maith sa Mhuiríoch. Tá plean againn leis an gceann atá in aice le Séipéal na Carraige a dhíol agus bheadh sé seo fíorthábhachtach do phobal iarthar Chiarraí. Tháinig ealaíontóirí ó gach cearn den domhan go Ciarraí thiar chun taithí a fháil ar an atmaisféar uathúil agus síochánta agus tarraingíodh inspioráid ó na traidisiúin agus ón teanga chomh maith, is iad in an scéalaíocht agus an ealaín atá in iarthar Chiarraí.

Tá fadhbanna, mar is eol dúinn, i Siamsa Tíre agus bhí orthu An Ghaoth Aniar agus Anam anuraidh a chur ar ceal. Tá a lán imní ann anois mar gheall ar cad atá ag tarlú in iarthar Chiarraí. Ba chóir go mbeadh comhairliúchán leis an bpobal agus beidh tionchar ar chumas léiriúchán na Gaeilge a óstáil i gCiarraí mar rud atá ríthábhachtach chun an teanga a choinneáil beo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.