Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:10 pm

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Táimid ar ais arís bliain amháin eile le haghaidh ráitis ar Sheachtain na Gaeilge. Ar thaobh amháin, caithfidh mé a admháil go bhfuil frustrachas orm a bheith páirteach sa set-piece seo bliain i ndiaidh bliana ina seasaimid anseo agus muid ag moladh shuaitheantas cultúrtha ár dteanga dhúchais chun go bhfaighfimid tic sa bhosca sula rachaimid ar aghaidh arís eile chun tromlach ár ngnó a dhéanamh, anseo i dTeach Laighean agus ar fud na tíre, trí mheán an Bhéarla.

Ar an lámh eile, tá sé ceart agus cóir go n-aithnímid ag an bpointe seo an obair atá déanta ag an Aire Stáit, ag an Aire sinsearach sa Roinn agus ag an Rialtas seo maidir le maoiniú a mhéadú in earnáil na Gaeilge agus píosaí tábhachtacha reachtaíochta a reáchtáil freisin. Tagraím go háirithe don Acht teanga ach freisin do na forálacha Ghaeilge a cuireadh isteach i reachtaíocht tábhachtach eile atá imithe tríd an Teach seo. Ní cóir go dtiteann tromlach na freagrachta ó thaobh na Gaeilge ar Aire amháin nó ar Roinn amháin, áfach. Caithfimid a bheith níos uaillmhianaí ná sin. Mar sin, is le meascán d'fhrustrachas agus mórtas a fhéachaim siar ar thaifead an Rialtais seo i leith na Gaeilge.

Is beag amhras atá i m’intinn go bhfuil géarchéim ann i leith na Gaeilge. Glacaim leis sin. Léiríonn an daonáireamh go soiléir dúinn an líon íseal daoine a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil. Go deimhin, bíonn sé deacair an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga laethúil, fiú do dhaoine a bhfuil cónaí orthu inár gceantair Ghaeltachta. Tá an iomarca de na bunseirbhísí a theastaíonn ó aon phobal - oifigí poist, seirbhísí sláinte agus seirbhísí iompair phoiblí ina measc - á gcailliúint laistigh dár bpobail Ghaeltachta. Cuireann sé sin iachall ar dhaoine sa Ghaeltacht dul isteach go dtí na bailte seirbhíse Gaeltachta, leithéidí Dhún Garbháin atá cóngarach do Ghaeltacht na Déise, chun na bunseirbhísí sin a fháil. Nílimid ag cinntiú go mbeidh na bunseirbhísí sin sna háiteanna sin ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá daoine ag dul isteach go dtí oifig an phoist i gcomhair an phinsin agus caithfidh siad an méid sin oibre a dhéanamh trí mheán an Bhéarla. Tá siad ag dul isteach go dtí an dochtúir i nDún Garbháin, i gcathair na Gaillimhe nó mar sin agus caithfidh siad a gcuid gnó ansin a dhéanamh trí mheán an Bhéarla. Baineann an creimeadh leanúnach seo an bonn de thodhchaí na Gaeilge mar theanga bheo phobail agus ní mór dúinn brú ar ais air sin má táimid dáiríre faoina húsáid a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

Má táimid chun an meath atá tagtha ar an nGaeilge le blianta anuas a aisiompú, tá roinnt rudaí gur féidir linn a dhéanamh a bheidh úsáideach agus praiticiúil. Ag tosú le mo chúlra gairmiúil féin mar mhúinteoir, an cúlra céanna atá ag an Aire, creidim go láidir go gcaithfimid infheistíocht a dhéanamh inár múinteoirí agus ina gcumas féin an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid. Chun an fhírinne ghlan a rá, chomh luath is a bhaineann tú do cháilíocht ghairmiúil mar mhúinteoir amach, is beag deis nó dualgas atá ort aon fheabhas a chur ar do chuid Gaeilge. Ó bhliain go bliain, téann do chuid Gaeilge in olcas toisc nach bhfuil tú ag labhairt Gaeilge ach leis na páistí atá os do chomhair amach sa rang. Má táimid dáiríre faoin nGaeilge agus faoi thodhchaí na Gaeilge, caithfimid infheistíocht a dhéanamh inár múinteoirí ionas go mbeidh siad i bhfad níos compordaí an Ghaelainn a labhairt go laethúil leis na páistí atá os a gcomhair amach ach go ginearálta freisin.

Gealladh polasaí don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal sa chlár Rialtais reatha atá againn. Cé go bhfuil obair ag dul ar aghaidh ar pholasaí do na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, is beag dul chun cinn atá feicthe agamsa go dtí seo maidir leis an bpolasaí cuimsitheach sin don chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt, rud a fhágann go bhfuil 93% de na daltaí nach bhfuil aon pholasaí á fhorbairt dóibh faoi láthair.

Fáiltím go bhfuil an tAire Stáit anseo agus go raibh an tAire, an Teachta Martin, ag caint níos luaithe ach tá ceisteanna anseo nach mbaineann le hAire amháin ná le Roinn amháin. Tá sé tábhachtach don Aire Oideachais sa chás seo. Tá ról lárnach ag an Aire tithíochta freisin. Tá an dúshlán dáiríre agus práinneach atá roimh theaghlaigh ar mian leo cónaí laistigh dár bpobail Ghaeltachta chun teacht ar thithe inacmhainne ardaithe agam leis an Aire, an Teachta O’Brien. D'oibrigh an tAire liom air seo agus tá a fhios agam go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i mo Dháilcheantar féin maidir le tithíocht inacmhainne pobalbhunaithe a fhorbairt laistigh de Ghaeltacht na nDéise. Chuir mé roinnt leasuithe isteach ar an mBille pleanála, atá ar Chéim an Choiste faoi láthair, a bhaineann le tithíocht sa Ghaeltacht agus tá freagra dearfach tugtha dom ag an Aire. Caithfimid na treoirlínte pleanála Gaeltachta atá geallta le fada an lá a fheiceáil. Ní mór dúinn a bheith in ann coinníollacha teanga a chur i bhfeidhm ar fhorbairtí nua tithíochta i gceantair Ghaeltachta lena chinntiú nach mbaineann tithíocht a bhfuil géarghá léi an bonn den Ghaeilge mar theanga bheo sna pobail sin.

Seachas na hábhair áirithe seo, atá ríthábhachtach, sílim go bhfuil gá le comhrá níos leithne agus níos ginearálta a bheith againn. B'fhéidir go bhfuil gá le comhrá náisiúnta faoin dearcadh atá againn ar thodhchaí na Gaeilge. Is féidir linn, ar thaobh amháin den scéal, leanúint ar aghaidh leis an mbéalghrá, mar is gnách, agus leis an meon "I’d love to be able to speak it, but..." nó is féidir linn, mar náisiún, a roghnú sinn féin a thiomnú d’úsáid na Gaeilge. Níl sé seo neamhréadúil. Is féidir féachaint ar an mBreatain Bheag nó ó Thuaidh, áit a bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an nGaeilge. Ní mór an comhrá seo a bheith macánta. Cibé fóram atá againn, tionól na saoránach nó fóram eile, ní mór dúinn na fáthanna ar chóir dúinn ár gcuid ama agus ár n-iarracht a infheistiú sa teanga a bhrath nó measúnú macánta a bheith againn ar gach rud a chaillfimid má leanaimid ar aghaidh leis an mbéalghrá. Creidim go daingean, dá mbeadh an comhrá macánta sin againn, go n-aithneoimid an fiúntas atá sa teanga agus go mbeimid in ann infheistíocht cheart a dhéanamh, ní hamháin ó thaobh airgid ach freisin ó thaobh fuinnimh a chur isteach inár dteanga chun í a thabhairt don chéad ghlúin eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.