Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:20 pm

Photo of Paul MurphyPaul Murphy (Dublin South West, RISE) | Oireachtas source

Labhair mé cúpla uair sa Teach seo maidir leis an éileamh do pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt, mar atá á mholadh ag an bhfeachtas Gaeilge4All. Ní hamháin nach bhfuil dul chun cinn ar siúl, ach tá rudaí ag dul in olcas. Bhain an Roinn Oideachais 30 nóiméad sa tseachtain ó mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna. Tarlaíonn sé seo nuair atá brú agus fadhbanna cheana féin ó thaobh foghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna.

Ach inniu, táim chun labhairt ar fhadhb eile atá ag cur isteach ar fhorbairt agus fás na teanga. Tá an géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht ag éirí níos measa gach uile bhliain. Tá muintir na Gaeltachta ag fulaingt agus tá an teanga í féin i mbaol dá bharr. Cé go bhfuil líon na gcainteoirí taobh amuigh den Ghaeltacht ag fás de réir a chéile, ní sin mar atá sé sa Ghaeltacht. Ní féidir aon athbheochan a bheith ann ó thaobh na Gaeilge de gan na cainteoirí dúchasach a bheith mar croílár air.

Tá muintir na Gaeltachta á brú amach ón nGaeltacht ag an Rialtas. Lig Fianna Fáil agus Fine Gael na blianta de bhrabús teacht roimh mhaitheas na Gaeltachta. I láthair na huaire, ní féidir le daoine óga na Gaeltachta lóistín a fháil ar cíos dóibh féin, nó fiú a lua nó smaoineamh faoi theach a thógáil nó a cheannach ann. Ní féidir le daoine áitiúla cead pleanála a fháil. Ach ag an am céanna, d’fhéadfadh le duine ar bith dul ar Airbnb agus a rogha lóistín a bheith acu ó thaobh teach nó árasán a chur in áirithe sa Ghaeltacht. Léirítear leis seo easpa tola an Rialtais dul i gcoinne leo siúd ina mbíonn siad mar ionadaí dóibh: na tiarna talún, na forbróirí talún, agus na corparáidí móra.

Má táimid ag iarraidh fíor-athbheochan na Gaeilge a bhaint amach, is gá a aithint nach dtiocfaidh sé ón Rialtas agus ón Teach seo. Ní éireoidh leis gan ghluaiseacht ollmhór ó bhun go dtí an pointe nach bhfuil rogha ag an Rialtas ach tabhairt faoi. Tá an toil agus an brú ann ó bhun don athbheochan seo. Feicimid é seo leis an agóidíocht a bhíonn ann chuile bliain, le daoine i gcónaí ag troid agus ag brú an cás ar aghaidh i gcoinne thoil an Rialtais. Cuimhnigh nuair a shúil na mílte ar na sráideanna i mBéal Feirste do Lá Dearg in 2022.

Is léir arís is arís eile go bhfuil formhór na ndaoine ag iarraidh go mbeidh fíor-athbheochan na teanga ann don chéad glúin eile. Feictear é sin i suirbhé i ndiaidh suirbhé. Teastaíonn gníomhaíocht ón Rialtas ó ghníomhaí agus ó mhuintir na Gaeltachta má táimid chun ár dteanga dhúchasach a chaomhnú agus a fhás. Tá beart de réir briathar ag teastáil. Gach bliain le linn Sheachtain na Gaeilge cloisimid ó pholaiteoirí sa Teach seo cé chomh tábhachtach is atá an teanga, caithfidh muid í a shábháil, is araile, ach ní théann an Rialtas i ngleic leis na fadhbanna cuí, cosúil leis an ngéarchéim tithíochta nó na fadhbanna sa chóras oideachais. Dá mbeadh an Rialtas ag iarraidh an Ghaeilge a bheith mar thosaíocht aige, bheadh sí. Tá na milliúin euro aige le rud ar bith gur mian leo a dhéanamh. Bheadh deis ag gach páiste freastal ar chúrsa samhraidh, gan a bheith ag brath ar a dhóthain airgid a bheith acu, nó go mbeidh an bua acu i gcrannchur do scoláireacht. Is “béalghrá” amháin atá le cloisteáil uathu anseo. Is gá fíorghníomh a bheith ann inniu má táimid ag iarraidh go mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na tíre seo do na glúine atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.