Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:40 pm

Photo of Aodhán Ó RíordáinAodhán Ó Ríordáin (Dublin Bay North, Labour) | Oireachtas source

Is féidir a rá go bhfuil na cainteoirí diúltach ach is féidir linn a bheith diúltach ó am go chéile agus muid ag caint faoi stádas na Gaeilge sa tír seo. Ba mhaith liom a bheith beagáinín níos dearfaí, áfach. Táim lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus, chuile oíche, téim amach ar na doirse i mo Dháilcheantar féin agus casaim le duine amháin ar a laghad atá sásta an Ghaeilge a labhairt liom ag an doras. Cuireann sé ionadh ar bhaill de Pháirtí an Lucht Oibre nach as an gceantar go bhfuil an líon sin cainteoirí Gaeilge amuigh ansin atá sásta agus toilteanach an Ghaeilge a labhairt liom agus a gcuid Gaeilge a úsáid.

Tá an Ghaeilge agam toisc gur d'fhreastail mé ar Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath, Gaelscoil Míde. Is cuimhin liom an dea-thionchar a bhí ag Máistir Ray, Ray Mac Mánais, orm. Ritheann sé liom gur chaith mé níos mó ná deich mbliana ar bhunscoil i Mullach Íde, gnáth-bhunscoil Bhéarla. Imíonn an chuid is mó de scoláirí in Éirinn ón mbunscoil gan a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt. Imíonn siad ón meánscoil agus ní féidir a rá go bhfuil caighdeán sách maith acu ó thaobh na Gaeilge de. Tá fadhb ansin. Ní fhadhb mhúinteoireachta nó oideachais amháin é. B'fhéidir go bhfuil dearcadh diúltach faoin teanga agus cé chomh tábhachtach is atá sí amuigh ansin go fóill. Bhí mé ag breathnú ar dhíospóireacht ar an teilifís idir Síle Seoige agus Ivan Yates agus chuir an méid a bhí le rá ag an iarAire, Ivan Yates, ó thaobh stádas na Gaeilge fearg orm. Táim go huile agus go hiomlán ar thaobh Shíle Seoige ar an gceist sin.

Tá an méid fáis atá ar ghluaiseacht na Gaeilge sna scoileanna agus an líon Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí atá amuigh sin dearfach. Ar an ábhar sin, an uair dheireanach a bhí ráitis faoin nGaeilge againn anseo, thug mé cuireadh ar an Aire cuairt a thabhairt ar Ghaelcholáiste Reachrann i mo Dháilcheantar. Tá fadhb mhór mhillteach ag an scoil go fóill ó thaobh na háiseanna agus seomraí ranga sealadacha atá aici. Ní mór dúinn rud éigin a dhéanamh faoi sin.

Is é sin an scoil dara leibhéal is mó atá go huile is go hiomlán trí Ghaeilge i mo dháilcheantar féin agus ní mór dúinn rud éigin a dhéanamh faoi. Táim ag ardú an pointe sin go minic anseo agus sa choiste oideachais. Táim ag iarraidh an smaoineamh a chur chun cinn nár chóir dúinn, b'fhéidir, an bhéim ar fad a chur na Gaelscoileanna agus ar na Gaelcholáistí ach rud éigin a dhéanamh faoi chaighdeán na Gaeilge sna gnáth-bhunscoileanna, más féidir liom an téarma sin a úsáid. B'fhéidir gur chóir dúinn breathnú ar bhliain amháin nó níos mó ná bliain amháin a mhúineadh go huile is go hiomlán trí Ghaeilge.

I mo thaithí féin, is gnáthdhuine agus gnáthpháiste a bhí ionam sna hochtóidí. D'fhreastail mé ar scoil agus ní raibh mórán Gaeilge agam agus mé ag imeacht ón mbunscoil. Is é an rud a tharla ná go ndearna mé an séú rang faoi dhó. Rinne mé an dara huair é i nGaelscoil. Bhí Gaeilge thart timpeall orm agus is é sin an fáth gur fhoghlaim mé an méid Gaeilge is atá agam. Go dtí go bhfuil sí á húsáid agat chuile lá trí gach aon ábhar, is cuma cén t-ábhar atá ann agus atá á mhúineadh ag an múinteoir, ní féidir an Ghaeilge a fhoghlaim i gceart. Is é sin an rud atáimid ag iarraidh a chur chun cinn. In ionad an scoilt seo a dhéanamh idir Ghaelscoileanna agus scoileanna eile, ba chóir do gach aon pháiste inár scoileanna Gaeilge a bheith acu ar feadh bliain amháin i ngach aon scoil in Éirinn ionas go bhféadfaidís an caighdeán sin a fháil agus iad ar scoil anseo.

Mar a dúirt mé ag tús mo chuid óráide, tá sé tábhachtach dúinne mar pholaiteoirí bheith dearfach faoi stádas na Gaeilge agus faoi dhul chun cinn na Gaeilge. Tá lear mór daoine amuigh ansin atá sásta agus toilteanach an Ghaeilge a úsáid, agus, mar a dúirt an Teachta eile, ní hamháin a bheith ag labhairt faoin nGaeilge ach a bheith ag labhairt faoi ábhair éagsúla. Tá sé sin thar a bheith dearfach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.