Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:50 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fearaim fáilte roimh an Aire Stáit anseo tráthnóna. Is maith an rud é go bhfuilimid ag plé na ceiste seo ach, ar bhealach, is é an rud a gcaithfimid a bheith aireach faoi ná go bpléifimid an cheist seo uair amháin sa bhliain agus ansin go gcuirimid ar leataobh é. Leanann an polasaí agus forbairt pholasaí ar aghaidh chuile lá.

Tá rudaí áirithe curtha i gcrích. Céim mhór chun cinn ag an Rialtas seo ab ea Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus go mór mór feicimid toradh air sin ó thaobh na fógraíochta de. Tá i bhfad níos mó fógraí i nGaeilge ar an raidió agus ar an teilifís agus mar sin de. Níl aon amhras faoi sin. Chomh maith leis sin tá sruth airgid ann le haghaidh na gcraoltóirí atá ag craoladh trí Ghaeilge.

Caithfidh mé a rá go bhfuil díomá orm nár fhaca muid Bille Údarás na Gaeltachta go fóill. Bhí sé sin leis na toghcháin a thabhairt ar ais. Dar liomsa, botún ollmhór a bhí ann deireadh a chur leis na toghcháin. Chomh maith leis sin, tá leasuithe tábhachtacha ag teastáil ó thaobh feidhmeanna an údaráis de, ionas go mbeidh sé soiléir gur féidir leis an údarás plé áirithe a bheith ann. Níl mé ag moladh cumhachtaí nó freagrachtaí comhairle contae a thabhairt dó ach ba cheart go mbeadh an chumhacht ag an údarás an talamh atá aige a úsáid le haghaidh cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh go héasca. Go deimhin, rinne an t-údarás, nó Gaeltarra Éireann roimhe, obair den chineál sin.

Tugann sé sin ar aghaidh mé go ceist na pleanála sa Ghaeltacht. I mbunáite na bpleananna contae, tuigim go bhfuil sé de cheart ag daoine as an áit tógáil ach tá go leor leor fadhbanna eile ag eascairt anois, ina measc cúrsaí dabhcha séarachais. Tá áilleacht an cheantair á tabhairt mar leithscéal gan tithe a cheadú do dhaoine áitiúla in ionad a rá go gcaithfí teach feiliúnach a thógáil agus suíomh an tí a bheith feiliúnach. Caithfimid an tírdhreach a úsáid. Ní bhíonn na comhairlí contae sách cruthaitheach - bíonn siad ag iarraidh chuile shórt a chur leis an mbóthar, áit a mbeidh sé le feiceáil. Tá sé an-éasca go mór mór ina leithéidí Chonamara, Tír Chonaill agus Corca Dhuibhne na tithe a cháiliú má thógtar ar an mbealach ceart iad.

Ba mhaith liom focal a rá faoi na hoileáin. Mar atá feicthe arís is arís againn, má thiteann daonra ceantar tuaithe agus ceantar oileánach faoi phointe áirithe, tá sé an-deacair pobal inmharthanach a choinneáil. Dár liomsa, is ceann de na cinntí is fearr a tógadh nó na meánscoileanna a bhunú ar na cúig oileán Gaeltachta. Tá scoláireachtaí ar fáil chun dul go dtí Inis Meáin, Inis Mór agus Inis Oírr. Is mór an trua nach mbainfear leas as an scéim sin chun normalú sa sruth Ghaeilge a dhéanamh ar Thoraigh. Níl a dhóthain scoláireachtaí ann ach murach go bhfuil daoine ag baint úsáid as an remote area grant, ní bheadh na scoileanna sin inmharthanach. Táim ag éileamh agus ag impí go ndéanfaí dúbailt ar líon na scoláireachtaí go dtí na scoileanna sin.

Ba mhaith liom rud eile a lua atá ina fhadhb an-mhór nó atá ina dheis an-mhór. Dar liomsa, is deis an-mhór é ach is rud é nach bhfuilimid ag tabhairt a dhóthain airde air. Is é sin gur cheart go mbeadh deis ag chuile ghasúr sa tír réamhscolaíocht agus seirbhísí naíolanna a bheith ar fáil acu. I ngach uile naíolann, bíodh sí trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, ba cheart go mbeadh méid áirithe Gaeilge ar fáil agus tá sé an-éasca é sin a dhéanamh le físeáin, le rannta beaga ar dhlúthdhioscaí agus ar go leor bealaí nua-aimseartha eile. Freisin, ba cheart go mbeadh naíolann rite trí Ghaeilge ar fáil do chuile ghasúr sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht a dteastaíonn uathu a leithéid de sheirbhís a bheith ar fáil acu. Faighim ríomhphoist, litreacha agus glaonna gutháin ó dhaoine nach féidir leo naíolann a fháil, mar shampla sa Ghaeltacht is mó sa tír i gConamara, áit nach bhfuil seirbhísí naíonra ar fáil. Go deimhin, tá sé fíorthábhachtach go mbeidh seirbhísí naíonraí in go leor áiteanna ceangailte leis an scoil. Tá nós nua ag éirí anois; sé sin, go bhfuil spéis ag tuismitheoirí seirbhísí idir naíolann, naíonra agus bunscoil a fháil ar aon láthair thart ar a chéile.

Ba mhaith liom bogadh ar aghaidh anois go dtí cúrsaí oideachais. De réir mar a thuigim, tá dul chun cinn maith á dhéanamh leis an bpolasaí oideachais don Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus is maith ann an polasaí oideachais Gaeltachta, tar éis gur gá linn é a threisiú. Chomh maith leis sin, tá fíorghá taobh istigh den Ghaeltacht díriú ar an bhfadhb is mó agus is é sin an brú atá ar na scoileanna beaga ó thaobh oidí agus scoláirí de. Is ó thaobh scoláirí de atá an fhadhb ar an gcéad dul síos agus de bharr sin, tá baol in go leor scoileanna go gcaillfidh siad oide, agus más le beirt oidí é, go dtiteann an tóin astu ar fad. Caithfimid breathnú ar an gceist sin.

Taobh amuigh den Ghaeltacht, ba cheart go mbeadh fáil ag chuile shaoránach sa tír seo ar oideachas trí Ghaeilge. Bhí sé sin ráite go soiléir i ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge, a cuireadh amach in 2007. Ní thuigim an drogall atá ar na húdaráis agus ar an Roinn Oideachais meánscoil lán-Ghaeilge a cheadú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, an ceantar arb as mé féin. Táthar ag rá gur cheart do leanaí dul amach go dtí Coláiste Eoin, atá lán go béal, díreach mar atá Coláiste Íosagáin, nó go dtí scoileanna eile. Tá siadsan lán agus ar aon bhealach tá siad ró-fhada as baile. Má táthar istigh sa bhaile mór, níl tú ag taisteal chomh fada sin. Mar sin, caithfear díriú ar an gceist sin. Caithfear a dhéanamh cinnte de go bhfuil sé de cheart agus ar a chumas ag gach uile dhuine a dteastaíonn oideachas uathu trí Ghaeilge an t-oideachas sin a fháil.

Má táimid dáiríre ar chor ar bith faoin Acht teanga nua, is cuma cé chomh maith is atá sé, agus má táimid dáiríre dubh, bán nó riabhach maidir leis an 20% d'earcaithe chuig an tseirbhís phoiblí agus cumas acu feidhmiú trí Ghaeilge, caithfimid díriú ar an tríú leibhéal.

3 o’clock

Níl muid ag déanamh sin. Tá fallaí iomlán á dhéanamh agus bhí obair ar bun le méadú ar líon na gcúrsaí a bheadh ar fáil ag an tríú leibhéal trí Ghaeilge - chuile cinéal cúrsa - agus stopadh é sin le deich mbliana anuas agus caithfear dul ar ais agus plean cuimsitheach a chur ar fáil. Bheadh súil agam faoin gcoiste nua atá bunaithe go ndéanfar láithreach sin agus go ndeirfear leis an HSE go gcaithfidh sé, mar a rinneadh leis an bhfógraíocht, oiread áirithe den airgid a chur ar leataobh le haghaidh cúrsaí trí mheán na Gaeilge.

Tá 46 soicind agam, tá an t-am atá tugtha don díospóireacht seo i bhfad ró-ghearr, agus tá faitíos orm go bhfuil sé leagtha amach le focail dea-mhéin a thabhairt seachas obair a dhéanamh. Mar sin féin, rud amháin eile atá le rá agam, tá caint ar RTÉ faoi láthair mar an craoltóir náisiúnta, Le héisteacht le daoine sna meán, shílfeá nach bhfuil an dara croltóir náisiúnta ann. Tá agus TG4 an t-ainm atá ar an gcraoltóir sin. Tá sé in am, ó thaobh airgid de, cothrom na Féinne a thabhairt do TG4. Tá sé in am a chinntiú go bhfuil an cineál airgid ag TG4 agus atá, mar shampla, ag S4C thall insan mBreatain Bheag, tír nach bhfuil leath chomh rachmasach leis an tír seo. Go dtí go mbeidh sé sin faighte, ní bheimid ag déanamh agus ní bheimid in ann a rá go bhfuilimid ag déanamh ár gceart ar son na Gaeilge. Tá fáilte roimh an díospoíreacht ach, mar a dúradh cheana, tá go leor déanta ach, by deaid, tá go leor le déanamh fós.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.