Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:40 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is maith an rud é go bhfuil cúrsaí Gaeilge á bplé againn anseo inniu ach ní féidir cúrsaí Gaeilge a phlé gan cúrsaí Gaeltachta a phlé. Ba mhaith liom guth agus glór a thabhairt do ghrúpa pobalbhunaithe atá tar éis teacht le chéile i gConamara chun díriú ar chúrsaí tithíochta. Is é Bánú an t-ainm atá ar an ngrúpa. Deireann a ráiteas an méid seo a leanas:

Ó saolaíodh thú is mairg a rá,

Go raibh an long anonn i ndán duit.

Tá na focail chumhachtacha sin ón amhrán "Cóilín Phádraig Shéamais" chomh fíor inniu agus a bhí siad os cionn 50 bliain ó shin. Deireann an grúpa freisin go bhfuil an Ghaeilge i mbaol mar cuireann an easpa tithíochta ár bpobal féin i mbaol. Ón obair atá déanta ag Bánú, is léir go bhfuil easpa ollmhór tithíochta i gConamara. Ó na fíricí atá acu, ó Bhearna go Carna, tá 196 lóistín ar cíos ar Airbnb i gcomparáid le ceithre theach ar Daft.ie. Is é an meánchíos ar theach trí-sheomra, más féidir ceann a fháil, ná €1,773. Tá na héilimh atá ag an ngrúpa fíorshoiléir. Sa rud a chuir sé le chéile, deirtear go bhfuil siad soiléir ina gcuid éileamh. Is éard atá uaidh ná go gcuirfí cúram tithíochta ar Údarás na Gaeltachta, go mbainfeadh Roinn na Gaeltachta úsáid as Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, le cabhrú le muintir na Gaeltachta tithe a thógáil inti, go dtabharfaí tús áite do chainteoirí Gaeilge teach a fháil ar cíos seachas tithe a bheith ag dul ar ligean gearrthéarma agus go bhfoilseodh an tAire tithíochta na dréacht-treoirlínte maidir le dualgas reachtúil i leith na Gaeilge sa nGaeltacht.

Críochnóidh mé ar phointe amháin eile a dhéantar sa ráiteas. Ní bheadh Raidió na Gaeltachta ná Údarás na Gaeltachta ann gan an dúshlán a thug Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta don Stát agus dá fhimíneacht agus bhéalghrá i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Seasann stiúideo TG4 ar an Tulach agus cuireann sé i gcuimhne dúinn an troid agus an bua a bhí ann le muid féin a fheiceáil agus a chloisteáil. Tá cath de chineál eile romhainn anois, cath na tithíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.