Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:40 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an Teachta Ó Snodaigh tar éis na bhfadhbanna móra agus an ganntanas infheistíochta ón Rialtas seo ó thaobh cúrsaí teanga, cúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí oideachais le blianta beaga anuas a chur i láthair. Mar urlabhraí airgeadais, déileálaim leis an cháinaisnéis achan bhliain agus tá a fhios againn an fuílleach airgid de na billiúin euro atá ann, airgead nach bhfuilimid chun caitheamh. I mo cheantar féin, chím arís agus arís eile grúpaí pobail atá ag déanamh obair faoi leith ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta agus iad ag iarraidh an ceantar agus an teanga a choinneáil beo. Bíonn siad ag troid agus ag troid arís faoi choinne grabhróga ó thábla na nAirí trasna an urláir ach níl siad ag teacht.

Ceann de na grúpaí sin gur mhaith liom a phlé leis an Aire inniu ná na mná tí. Tá fadhb againn sa Ghaeltacht ó thaobh daoine atá ag teacht isteach sa Ghaeltacht ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim. Táim ag caint faoi pháistí agus faoi dhaoine nach bhfuil chomh hóg, daoine atá fásta, ag teacht isteach. Bíonn daoine atá ag dul ar aghaidh le bheith ina múinteoirí agus a leithéid ag teacht isteach sa Ghaeltacht, áit atá mar thobar na Gaeilge, le feabhas a chur ar an Ghaeilge atá acu nó leis an Ghaeilge a fhoghlaim don chéad uair. Is é an fhadhb atá ann ná go bhfuil mná tí ag éirí as a gcuid oibre, obair a bhí acu le blianta anuas. Chímid go bhfuil 30% níos lú ban tí sna Gaeltachtaí anois ná mar a bhí in 2017. Is é an fadhb mhór atá ann ná nach bhfuil an Roinn ag éisteacht leo. Ó mhí Dheireadh Fómhair, níor chuala urlabhraí na mban tí i nDún na nGall aon rud ón Roinn maidir leis na gearáin atá acu. Tá sé cosúil leis an rud a bhí á dhéanamh le RTÉ. Tá Aire ina seasamh amuigh ansin agus tá an chuid eile ag iarraidh plé a dhéanamh, éisteacht a bheith acu agus na fadhbanna atá acu agus na tacaíochtaí atá de dhíth orthu a chur in iúl don Rialtas ach níl aon ní cloiste acu ó mhí Dheireadh Fómhair.

Bhí ar mhná tí i mo cheantar fanacht go dtí mí Dheireadh Fómhair le híocaíocht a fháil faoi choinne na scoláirí a choinnigh siad le linn an tsamhraidh. Tá sé sin dochreidte. Is mná tí iad a bhí ag dréim le teacht isteach an airgid seo lena gcuid páistí féin a chur ar ais ag an ollscoil nó faoi choinne billí, an mhorgáiste nó an infheistíocht atá acu a dhéanamh sna tithe chun na páistí seo a choinneáil ar an gcéad dul síos.

Táimid ag cluinstin anois nach bhfuil cead ag mná tí atá thar 70 bliain d'aois scoláirí a choinneáil. An bhfuilimid chun an rud céanna a rá faoi Theachtaí Dála? Tá daoine sa Dáil seo atá thar 70 bliain d'aois agus níl aon duine ag rá nach bhfuil siad ábalta a gcuid oibre a dhéanamh. Tá ár nUachtarán thar 70 bliain d'aois agus níl aon duine ag rá nach bhfuil seisean ábalta a chuid oibre a dhéanamh ach táimid ag cur síos ar mhná tí atá thar 70 bliain agus ag rá nach bhfuil siad ábalta é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.