Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Don chéad uair le fada an lá, tá breis is 2 mhilliún duine in Éirinn anois a deir go bhfuil Gaeilge acu. Tá breis agus 160,000 Gaeilgeoirí anseo san ardchathair, agus don chéad uair riamh, tá ár gcomhairle cathrach tar éis cruinniú a reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge. Is mór an trua nach dtarlaíonn a leithéid anseo i dTithe an Oireachtais agus go mbeadh cruinnithe Thithe an Oireachtais mar an gcéanna, seachas go mbíonn ráitis anois agus arís ar an nGaeilge, rud a tharlaíonn uair sa bhliain.

Cá bhfuil an cur chuige breise a bhfuil gá leis? Tá pleananna ann ach níl siad ag tarlú tapaigh go leor. Fáiltím d’ár ndóigh roimh an méid Gaeilge bhreise atá á húsáid ag cinnirí le déanaí ach níl dóthain de ag tarlú i dTithe an Oireachais. Caithfear cur le dlús na Gaeilge atá le cloisint san Dáil, agus ní hamháin sin, caithfimid díriú ar phlé a dhéanamh i nGaeilge ar ábhar eile seachas ar an nGaeilge nó ar an nGaeltacht, chun a léiriú don saol i gcoitinne go bhfuil sí mar theanga beo beathach agus gur féidir linn aon ghné nó aon rud a phlé inti. Tá céimeanna beaga á nglacadh i dTithe an Oireachtais, agus is maith sin, ach is gá luas a chur faoin athGhaelú seo má tá meas againn ar a tharla ar chéad lá an Chéad Dáil. Gaeilge amháin a bhí le cloisint ar an lá sin, seachas blúire beaga Fraincise agus Béarla i leaganacha forógraí an lae. Sin 105 bliain ó shin agus níor tharla sé go raibh an Ghaeilge chun tosaigh i dTithe an Oireachtais nó sa Dáil ó shin i leith.

Anuraidh bhíomar ag ceiliúradh éacht "An Cailín Ciúin" mar an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh do na hOscars. I mbliana táimid ag ceiliúradh buachaillí glórach, Kneecap, atá tar éis gradam Sundance a bhaint amach. Mo threise leo agus déanaim comhghairdeas leo. Is dream iad seo a bhí faoi chosc ag RTÉ. Ní chloisfeadh tú a chuid ceoil ar RTÉ an t-am sin agus anois tá siad á lorg mar aoí-chainteoirí ag RTÉ. Tá sé go hiontach go bhfuil siad ag spreagadh glúin eile i dtreo na hathbheochana. Beatha teanga í a chanadh nó beatha teanga í a scannánú de réir dealramh.

Díreach inné, sheol teach faisean mór le rá ón Iodáil, Miu Miu, físeán ealaíonta chun aird a tharraingt ar thaispeántas faisean acu. Cén teanga a roghnaigh siad san fhíseán a bhí acu chun a léiriú gur branda tarraingteach, mealltach, gnéasach a bhí acu? An Ghaeilge a bhí á húsáid acu, dar ndóigh. B’fhéidir gur thug siadsan suntas do shuirbhé Ghaelchultúr a léirigh le déanaí go dtaitníonn sé le beagnach 60% de dhaoine a rinne an suirbhé nuair a úsáideann comhlacht Gaeilge ina chuid feachtais margaíochta. Dúirt breis agus ceathrú cuid na ndaoine a rinne an suirbhé go n-íocfadh siad níos mó ar tháirge a bhí fógartha i nGaeilge. Brí nua le saibhreas teanga b'fhéidir.

Le déanaí, don chéad uair sna Sé Chontae, ghlac an Chéad-Aire, Michelle O'Neill, lena ról nua sa teanga náisiúnta. Ainmníodh Aire Sóisearach a d'fhreastail ar oideachas lán-Ghaeilge, Aisling Reilly. Beidh sé mar thosaíocht ag an gCéad-Aire nua coimisinéir teanga a cheapadh. Ní leor sin, ar ndóigh. Tá pobal na Gaeilge buartha faoi na Ranna Oideachais agus Pobail. Ní mór dúinn leanúint leis an mbrú chun cothrom na Féinne a bhaint amach don Ghaeilge agus do Ghaeilgeoirí ó Thuaidh agus ó Dheas.

Toisc go raibh na meáin Bhéarla dírithe ar an achrann atá ag leathadh idir iar-chathaoirleach bhord RTÉ agus an tAire, an Teachta Martin, níor tugadh mórán airde don litir a chuir cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, chugainn ar fad anseo ag cáineadh an titim de 45% sa bhuiséad atá ag an bpríomheagras Gaeilge le 15 bliain anuas. Dúirt sí:

Nuair atá eagraíochtaí spóirt, ealaíon agus cultúir ar fud an stáit ag cur lena gcláir mhaoinithe agus ag forbairt cláir úra, is amhlaidh a bheidh ar Fhoras na Gaeilge ciorrú a dhéanamh ar scéimeanna maoinithe bunúsacha

Tá dochar á dhéanamh don Ghaeilge ag na hAirí atá anseo agus ag an Aire, an Teachta Norma Foley. Ó thaobh cúrsaí oideachais, níl Gaelcholáiste ann ach i 11 de na 26 contae. Fágtar móramh na dtuismitheoirí a roghnódh Gaelscoil dá bpáistí gan soláthar. Tá na folúntais mhúinteora beagnach dhá oiread níos measa i nGaelscoileanna. Tá i bhfad Éireann níos mó ceisteanna agam maidir le Gaelcholáiste do Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 agus áiteanna eile ina bhfuil éileamh ar mheánscolaíocht trí Ghaeilge ach nach bhfuil soláthar ann. Tá i bhfad Éireann níos mó le déanamh againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.