Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:30 pm

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt sa Dáil le linn Seachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid dúinn é sa tír seo go bhfuil ár dteanga dúchais againn. Mar a deir an tAire, an Teachta Martin, tá mórán scéimeanna á riar ag ár Roinn ar son cur chun cinn na Gaeilge. Ina measc sin, tá scéimeanna i réimse na pleanála teanga, réimse oideachais an teaghlaigh agus réimse na n-ealaíon. Tá gach scéim tábhachtach, agus iad uile ag brath ar a chéile le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge ag an gcéad ghlúin eile.

Amárach, beidh mé i nGaillimh chun straitéis do na healaíona teangabhunaithe a sheoladh. Creidim go bhfuil na healaíona ar cheann de na bealaí is fearr ar féidir linn an Ghaeilge a spreagadh mar theanga pobail agus mar theanga cumarsáide i measc ár bpobail. Le foilsiú na straitéise, beidh tús á chur le ré nua do na healaíona teangabhunaithe. Tá sé mar aidhm ag an straitéis seo comhordú agus comhoibriú níos fearr a chinntiú i bhforbairt na n-ealaíon Gaeilge agus Gaeltachta agus an caidreamh idir na príomhpháirtithe leasmhara a neartú. Agus mé i nGaillimh amárach, tá rún agam fógra suntasach a dhéanamh maidir leis an Taibhdhearc agus a ról mar amharclann náisiúnta na Gaeilge.

Réimse eile atá tábhacht do mo Roinn ná an phleanáil teanga. Tá ciste iomlán de €4.7 milliún ar fáil anois d'fheidhmiú na pleanála teanga. Faoin phróiseas seo, cuirim mo Roinn tacaíocht agus maoiniú ar fáil d'eagraíochtaí Gaeltachta a thacaíonn le hearnáil an teaghlaigh agus earnáil na luathbhlianta ach go háirithe. Is obair fíorthábhachtach í seo a chinntíonn go mbeidh an Ghaeilge ag an gcéad ghlúin eile. Agus mé ar cuairt i nGaeltacht Mhaigh Eo le déanaí, sheol mé plean teanga do limistéar pleanála teanga Mhaigh Eo thiar go hoifigiúil. Tá an-obair ar siúl ansin ag Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla, ceanneagraíocht na pleanála teanga don limistéir sin i Maigh Eo thiar. Ar nós na pleananna teanga eile atá ceadaithe go dtí seo, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Mhaigh Eo Thiar do phobal an cheantair a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán sábháilte chuig na glúnta atá le teacht. Tá athbhreithniú ar siúl faoi láthair maidir leis an obair sa réimse seo agus beimid ag súil le toradh na hoibre sin a fheiceáil go luath. Tacóidh an t-athbhreithniú neamhspleách seo leis an obair pleanála teanga agus an próiseas trí chéile. Beidh deis ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga aon dúshlán maidir le feidhmiú na bpleananna teanga agus na deiseanna feabhais a léiriú mar chuid den athbhreithniú atá ar siúl. Chun tacú tuilleadh le hÚdarás na Gaeltachta sa réimse seo, cheadaigh mo Roinn dhá phost breise don eagraíocht. Tá Foras na Gaeilge ag obair sa réimse seo agus é ag obair le bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonra Gaeilge ar fud na tíre.

Ar ndóigh, tá obair ar siúl maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an oileáin. Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht atá freagrach as an nGaeilge a fhorbairt ar fud an oileáin. Tá áthas orainn go bhfuil Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann ag suí arís agus ciallaíonn sé seo gur féidir leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá ar siúl ag an bhforas. Bhí dúshlán ag baint le buiséid an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas le cúpla bliain toisc nach raibh an Fheidhmeannacht ina suí, ach tá €700,000 breise san áireamh i mbuiséid mo roinne arís i mbliana don Foras Teanga Thuaidh-Theas agus beifear ag súil sna míonna romhainn obair an fhorais a phlé leis an Roinn Pobail ó Thuaidh. Tá mo Roinn ag comhoibriú le tionscnamh oileán comhroinnte Roinn an Taoisigh freisin maidir le forbairt na Gaeilge ar bhonn uile oileán, agus cúpla seachtain ó shin bhí mé i mBéal Feirste agus bhuail mé le Linda Ervine atá taobh thiar de Naíscoil na Seolta in oirthear na cathrach sin. Tá súil againn tacú leis an obair seo faoi scáth an tionscnaimh oileán comhroinnte. Thug mé cuairt freisin ar Charn Tóchair áit a bhfuil sár obair ar siúl ag pobal beag tuaithe chun an Ghaeilge a athbheochan mar theanga sa phobal. Tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil an t-aire nua oideachais sa Tuaisceart, Paul Givan, tar éis cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil i gContae Thír Eoghain. Is dea-scéal é seo agus comhartha go bhfuil ré nua ann don teanga ó Thuaidh. Guím gach rath ar an Aire ina ról nua agus freisin ar an Aire Gordan Lyons sa Roinn Pobail, agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair as lámha a chéile as seo amach ar son na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.