Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

1:20 pm

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, fáiltím roimh an deis labhairt inniu i nDáil Éireann, go háirithe agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge 2024. Is seoid í ár dteanga. Chun beocht a choimeád inti, ní mór dúinn, mar ionadaithe poiblí, í a labhairt. Le linn na seachtaine seo, déanaimis iarracht aon chomhrá a bhíonn againn a thosú as Gaeilge.

Mar Aire, táim tiomanta don Ghaeilge agus do phobal labhartha na teanga. Tá réimse leathan freagrachtaí ar mo Roinn maidir leis an nGaeilge, ní hamháin sna ceantair Ghaeltachta ach ar fud an oileáin. Tá mórán bainte amach ag an Rialtas seo maidir le cur chun cinn na Gaeilge. D'éirigh liom ardú suntasach de €4.2 milliún a bhaint amach d'fhorbairt agus do chur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbuiséad 2024.

Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile an bunchuspóir atá le polasaí Údarás na Gaeltachta. Bunaíodh an t-údarás sa bhliain 1980 agus tá sé freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Is cúram fíorthábhachtach i bhforbairt aon phobail é an fhostaíocht agus cruthú fostaíochta. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 1,075 post nua a chruthú sa nGaeltacht in 2023 agus go raibh 9,526 post i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana seo caite. Tréaslaím a gcuid oibre leis an údarás.

Tá ceannteidil leasaithe an Bhille um Údarás na Gaeltachta (leasú) agus forálacha ilghnéitheacha, 2024 curtha faoi bhráid an Rialtais agam an tseachtain seo. Is é príomhchuspóir an Bhille an próiseas ainmniúcháin agus roghnúcháin reatha a bhaineann le ceapadh bhord Údarás na Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta, 2012 a athrú go próiseas nua toghcháin agus roghnúcháin. De bharr na n-athruithe sin, beidh 16 comhalta ar an mbord in ionad an 12 comhalta atá ann faoi láthair nuair a thiocfaidh deireadh le timthriall an bhoird reatha ag deireadh 2024. In ionad seachtar ball a bheith ainmnithe ar an mbord ag údaráis áitiúla a bhfuil réigiún Gaeltachta ina limistéar dlínse acu, mar atá sa chur chuige ó 2012, toghfar deichniúr comhalta thar ceann na gceantar Gaeltachta agus ceapfar seisear comhalta eile mar thoradh ar chomórtas poiblí. Ag teacht leis an gcur chuige reatha, ceapfaidh an tAire cathaoirleach an bhoird. Ós rud é go bhfuil an Ghaeltacht anois ina 26 limistéar pleanála teanga reachtúla, tá sé beartaithe teorainneacha na dtoghcheantar a ailíniú leis na ceantair seo.

Tá Foras na Gaeilge, áisíneacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh-Theas, ag obair ar bhonn uile-oileán agus é ag cur na Gaeilge chun cinn. Tá an-áthas orainn go bhfuil Tionól an Tuaiscirt anois ag suí arís agus leanfaimid ar aghaidh ag comhoibriú lenár bpáirtithe sa Roinn Pobail ó Thuaidh ag cinntiú go n-éireoidh le hobair Fhoras na Gaeilge agus, go deimhin, le hobair an Fhorais Teanga. Tá ag éirí an-mhaith le scéimeanna an fhorais. Creidim go mbeidh scéim forbartha líonraí Gaeilge le fógairt arís don tréimhse romhainn agus beidh mé ag súil le ceantair nua a fheiceáil ag teacht chun cinn tríd an phróiseas seo.

Neartú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal. Tá oifigigh mo Roinne ag obair go tréan chun feidhm a thabhairt d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil. Chuige sin, chuir mé acmhainní breise ar fáil faoi cháinaisnéis 2024 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua chomh maith le tionscnaimh nua a mhaoiniú agus bearta atá idir lámha cheana féin a leathnú amach. Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná: go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030; go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge; go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge; go ndéanfar plean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a fhorbairt; agus go dtiocfaidh córas na gcaighdeán teanga in áit chóras na scéimeanna teanga. Tá go leor nithe suntasacha tagtha chun cinn de thoradh an Achta cheana féin, ina measc bunú an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge agus aontú conradh taighde i leith ullmhú an phlean náisiúnta. Mar thoradh ar obair an choiste seo, beimid ag súil leis an gcéad phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a fhoilsiú, gníomh oibre nach beag.

Ar ndóigh tá mórán bainte amach sna meáin chraolta Ghaeilge freisin le cúpla bliain. Tá infheistíocht mhór déanta i TG4. Tá an-áthas orm go raibh mo Roinn in ann tacaíocht a chur ar fáil don stáisiún anuraidh agus é ag bunú Cúla4, an chéad chainéal teilifíse Gaeilge do dhaoine óga. Tá maoiniú iomlán TG4 anois tugtha suas go dtí €57 milliún, méadú iomlán de bheagnach €20 milliún ó cheapadh mé i m’Aire.

I mbliana, chuireamar fáilte roimh go leor teaghlach agus daoine aonair nua a tháinig chun cónaí in Éirinn ar chúiseanna éagsúla. D’aithin mo Roinn an gá atá le cabhrú leis na daoine seo ó thaobh féiniúlacht Éireannach a chruthú dóibh féin ionas go mbeidh ar a gcumas a bheith páirteach sa tsochaí anseo. Chuige sin, tá maoiniú suntasach curtha ar fáil ag mo Roinn freisin d’fheachtas Céad Míle Fáilte de chuid Chonradh na Gaeilge. Is é cuspóir an fheachtais ná iad siúd atá tar éis teacht go hÉirinn le déanaí a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid mar bhealach chun féiniúlacht Éireannach níos láidre a chruthú dóibh féin. Déantar é sin trí ranganna teanga agus ceardlanna a chur ar fáil do nua-Éireannaigh ar fud na tíre agus trí acmhainní teanga a chur ar fáil dóibh chun cabhrú leo an teanga a fhoghlaim agus a úsáid agus tuiscint níos doimhne a fháil ar chultúr agus oidhreacht na nGael agus na hÉireann.

Ar ndóigh, ní anseo sa bhaile amháin a labhraímid an Ghaeilge. Is teanga idirnáisiúnta í. Is cúis bhród dom é an fonn atá ar dhaoine i dtíortha eile an Ghaeilge a fhoghlaim. Bhí an-rath ar obair mo Roinne i gcomhair leis an gCoimisiún Fulbright agus Fondúireacht Ollscoile Éireann-Cheanada arís i mbliana. Léiríonn na figiúirí is déanaí atá againn go ndearna beagnach 1,500 mac léinn i 15 ollscoil sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada cúrsaí Gaeilge i mbliana. Chomh maith leis sin, tá tacaíocht tugtha againn do bheagnach 20 ollscoil chun cláir Ghaeilge a reáchtáil sa Ríocht Aontaithe agus ar Mhór-Roinn na hEorpa i mbliana. Táimid i mbun cainteanna freisin le hollscoileanna eile ar an Mór-Roinn agus i Meiriceá Thuaidh ar mian leo tús a chur le clár Gaeilge ina n-institiúid féin. Is mian liom an deis seo a thapú le linn Sheachtain na Gaeilge chun machnamh a dhéanamh ar an meas agus an grá atá ag an bpobal idirnáisiúnta dár dteanga dhúchais agus an spéis atá acu in úsáid ghníomhach na Gaeilge mar theanga chumarsáide nua-aimseartha.

Táim féin, an tAire Stáit, an Teachta O’Donovan, ár bhfoirne, agus an Rialtas tiomanta geallúintí an Rialtais i leith forbairt agus neartú na Gaeilge a chur i bhfeidhm, i gcomhar leis na Teachtaí agus leis an bpobal agus tá muid ag súil le leanúint leis an obair le linn na bliana atá amach romhainn. Tá súil agam go mbeidh deis ag na Teachtaí a gcuid Gaeilge a úsáid le linn na seachtaine agus, go deimhin, le linn na míosa. Go mbaine siad sult as Seachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.