Dáil debates

Thursday, 15 February 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

9:40 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá neart féidearthachtaí anseo. Tá trí dhualgas ag Údarás na Gaeltachta. Tá dualgais air ó thaobh an phobail, ó thaobh na teanga agus ó thaobh na fostaíochta. Tá neart féidearthachtaí ó thaobh cúrsaí tithíochta. Feicim go bhfuil abairt i bhfreagra an Aire go bhfuiltear anois ag breathnú ar chúrsaí tithíochta. Is maith an rud é sin ach an bhfuil sonraí ag an Aire faoi sin? Tá ceist eile curtha isteach, Uimh. 24. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil an dá cheist le chéile. Baineann an cheist sin go díreach le tithíocht. I bhfreagra an Aire, luann sí cúrsaí tithíochta. Mar is eol di, tá géarchéim i nGaillimh agus sa chontae ó thaobh cúrsaí tithíochta. Ní féidir áibhéil a dhéanamh ar an ngéarchéim sin. Faoi dheireadh, tá Údarás na Gaeltachta ag breathnú ar na féidearthachtaí ó thaobh cúrsaí tithíochta. An bhfuil an tAire ar an eolas faoin scéim atá beartaithe aige? An raibh sé i dteagmháil leis an gcóras áitiúil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.