Dáil debates

Thursday, 15 February 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

9:40 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Tá ráite ag an údarás go bhfuil sé ag tabhairt faoin obair chun a chinntiú go mbeidh sé in ann teacht ar réiteach dá chuid cliantchomhlachtaí reatha agus nua chomh maith lena chuid geallshealbhóirí eile, mar is cuí. Cuimsíonn an punann mhaoine an iliomad cineál foirgnimh agus tá éagsúlacht sa chaighdeán agus sa chóiriú atá ar fáil sna foirgnimh sin. Táthar ag féachaint ar na féidearthachtaí forbartha do chuid de na foirgnimh folmha atá ag an údarás, ag cur san áireamh na hacmhainní atá ar fáil leis sin a dhéanamh agus an leas is féidir a bhaint as na foirgnimh. Nuair atá aon choinne á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh a chuid maoine, bíonn sé i gcónaí airdeallach ar an dualgas maidir leis an leas is fearr a bhaint as an acmhainn airgeadais atá ar fáil ón Státchiste. Ach an oiread leis an tír ar fad, tá cúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht go mór faoi chaibidil le tamall anuas. Mar is eol don choiste, is ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, faoina dtagann gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht. Níl mórán ama agam ach is féidir le m'oifigigh scríobh chuig an Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.