Dáil debates
Thursday, 19 October 2023
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Údarás na Gaeltachta
9:40 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an taighde. Tá sé críochnaithe agus mar a dúirt mé is dea-scéala é sin. An cheist anois ná cén plean atá ann le dul i ngleic leis na foirgnimh atá folamh agus an talamh áit nach bhfuil aon fhorbairt agus mar sin. Tugaim moladh i gcónaí don Údarás. Gan é, bheadh an ghéarchéim i bhfad níos measa. Tá féidearthachtaí anseo. Céim a haon ná an taighde a dhéanamh agus a bheidh ionraic ó thaobh stádas na punainne maoinithe seo. Anois an t-am do phlean. Níos tábhachtaí ná sin ná oibriú amach an féidir na suíomhanna a úsáid ó thaobh cúrsaí tithíochta de. Cén taighde atá déanta air sin agus cá bhfuil na treoracha pleanála do na Gaeltachtaí?
No comments